FULL LISTINGS CÚLA4 LISTINGS SPORTS LISTINGS TG4 LIVE PLAYER
CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT THE WEATHER
AMHRÁIN IS ANSA LIOM FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 MAGNERS LEAGUE PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE U.S. DRAMAS
COVERAGE RESULTS THE WINNERS COMPETITION POLL CONTACT US
COMMISSIONING COMÓRTAS SCANNÁN GUIDELINES SPLANC! TG4 VIEWING
BACKGROUND AUTUMN SCHEDULE AWARDS NEWS RELEASES TG4 BOARD TG4 E-LETTER TG4 TEAM WRITERS

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - CAITLÍN NÍ CHUALÁIN

 

CAITLÍN NÍ CHUALÁIN

divider

Caitlín Ní Chualáin

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is í Caitlín Ní Chualáin a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Caitlín le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...

 1.   Línseach Bhearna  
 2.   Máire Inis Toirc  
 3.   Na Buachaillí Bána  
 4.   Neilí Bhán  

 

LÍNSEACH BHEARNA

divider

Ag dul ó Chasla aniar is mé lag tuirseach de mo thriall,
I mBearna 'sea d'iarr mé áras.
Fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann cnó agus áirní.

Ó, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
Is beidh airgead i stór an Mháistir,
Arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is ag amharc ar an ógfhear álainn.

Ó fíon is punch go leor a bhéas eatrainn ar bord,
Sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Siúd séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Tá loingis ag an Línseach a rinneadh ins an tír seo
De choillte is de chrainnte a d'fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach cruinn i bhfoirm cheart 'sa gcaoi
Is beidh a ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Nach mór an spóirt sa tír nuair a bhéas an chabhlacht linn
Beidh a cuid slata seoil faoi éadaí bána
Anois tá an chabhlacht cruinn, is tiocfaidh anall an Rí
Is beidh sé ar chuairt mhíosa i mBearna.

divider

Roghanna

 
TG4 LIVE PLAYER LISTEN ON MP3 DOWNLOAD THE LYRICS GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER