


We will be meeting sean-nós singers. Antaine Ó Faracháin will ask them about their favourite songs, why they like them so much and he will also be asking where they learned the songs.
This episode will feature Máirtín Mac Donnchadha, a well known sean-nós singer. He will speak to Antaine about his favourite songs....
1. An Caisideach Bán
2. Liam Ó Raghallaigh
3. Baile Uí Laoi - Máire Ní Eidhin

Thug mé an ruaig údan ó mhullach na Cruaiche
Agus thart anuas chun an tSléibhe Bháin
Ar thuairisc mo chailín d'fhág m'intinn buartha
'gus go ndearna sí a gual dubh go mo chroí imo lár
Ó d'at mo ghuaillí go dtí mo chluasa
'gus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is níl duine ár gcuala mo scéal an uair úd
Nár dhúirt go mba truaigh bocht an Caisideach Bán.
Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Agus siúd í meidhreóg an bhrollaigh bháin
Sé an trua ghéar nach liom í gan bó gan punta
Is í a bheith gan chuntar liom ar láimh
Dhéanfainn teach mór di ar shúil an bhóthair
Is chuirfinn cóistí faoina clainn
Is a chúilín omra dhá mblíteá bó dhom
I do cheangal Fómhair ní chuirfinn suim.
Bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
'gus ag an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus léan ón Eaglais
Ach faraoir chráite ó bhris mé thríd
Is rí-mhór é m'fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfainn saor
Mar is mó mo pheacaí ná leath Chruach Phádraig
I ngeall ar ghrá a thug mé d'iníon maoir.

