


We will be meeting sean-nós singers. Antaine Ó Faracháin will ask them about their favourite songs, why they like them so much and he will also be asking where they learned the songs.
This episode will feature Máire Ní Chéileachair from Cork. She will be talking to Antaine about her interest in singing and she will also tell us about her favourite songs...
1. Bean Dubh a' Ghleanna
2. Trucail Pheige Bhreátha
3. An Clár Bog Déil
4. Aisling Gheal

Tá bó liom ar a' sliabh, is gan éinne beo 'na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachar,
Á seoladh soir is siar ins gach áit a ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go dubh an trátnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit ina mbíodh mo rún
Sileann óm' shúile deora,
'S a Rí úd thuas na nDúl, nach mór an donas dúinn
Gur bean dubh a bhuaigh faoi bhrón mé.
Thiar ag barr a' ghleanna 'sea tá mo ghrá le sealadh,
Is í ná fuair guth ná náire,
Sé dúirt sí liom ar maidin den chomhrá ceansa cneasta
'Imigh is ná feic go brách mé.'
Níl aon ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Mala
Ná as san go dúthaigh Bhéarra
Ná go dtéann go tigh a' ghleanna ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.
S nuair a ghabhaimse féin amach agus téim go claí na sceach,
Sealad go lúb a' bhóthair
Mo chailín plúrach geal, gur éalaís uaim thar lear,
Agus mo chúig céad slán beo leat!
A lámh mar is maith, agus a crobh mar is ceart,
A d'fhás ar a' maighre mná so,
'S nuair a ghabhann sí siúd amach cailleann a' ghrian a teas,
Agus cónaíonn an ghealach le grá dhi.

