


We will be meeting sean-nós singers. Antaine Ó Faracháin will ask them about their favourite songs, why they like them so much and he will also be asking where they learned the songs.
This episode will feature Treasa Ní Mhiolláin. She will be talking to Antaine about her interest in singing and she will also tell us about her favourite songs...
1. Dónall Óg
2. Cúirt Bhaile Nua
3. An Abhainn Mhór
4. An Spailpín Fánach

Is a Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan do dhearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh
'Gus iníon Rí Ghréige mar chéile leapa agat.
Gheall tú dhomsa ach rinne tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béiceadh
Ach ní bhfuair mé aon fhreagra ach na h-uain ag méileach.
Nuair a théimse fhéin go Tobar Phádraig
Ag tabhairt an turais ar son mo ghrá geal
Níl mo shúil leat inniu ná 'máireach
Is a mhúirnín dílis mo chúig chéad slán leat.
Nuair a théimse isteach go Teach an tSuaircis
Suím síos ann ag déanamh buaireamh
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dealramh an óir ina chúilín gruaige.
Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.
Bhain tú thoir díom is bhain tú thiar díom,
Bhain tú an ghealach gheal is an ghrian díom,
Bhain tú an croí a bhí i lár mo chléibh díom
'Gus is rí-mhór é m'fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.

