SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - CORMAC Ó hAODHA

 

CORMAC Ó hAODHA

divider

Cormac Ó hAodha

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Cormac Ó hAodha as Cúil Aodha, Co. Chorcaí a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Cormac le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   Táimse agus Máire  
 2.   Baile Bhúirne  
 3.   Amhrán Pheaid Bhuí  
 4.   Bog Braon don tSeanduine  

 

TÁIMSE 'GUS MÁIRE

divider

Táimse 'gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar chairde 'gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í 's go brách brách ní scarfaimid.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a' fás ann chomh hard leis na clathacha,
'S mé ag feitheamh don lá go bhfeicfidh mé aibidh í.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Tá torthaí ag fás im' gháirdín go slachtaithe,
Úlla, spíonáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála le ráithe go taiscithe
Chun subh is misleáin don bháb is do bhanaltra.

Mise ag seinm ceoil dóibh, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

'Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Í ag luascadh an chliabháin is an bháb ar a sheanscaireacht.
Stoca 'na láimh is na bioráin innti a' preabarnaigh,
Í a' cniotáil is a' crónán don leanbhín.

Mise ag seinnt ceoil dóibh, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER