


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is é Éamon Ó Donnchadha as Baile Átha Cliath ach atá ina chonaí i gCo. na Mí a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Éamon le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...
1. Róisín Dubh
2. Donnchadh Bán
3. Máirín Staunton

Ó is ar an mbaile seo sea chonaic sibh an t-iontas,
Ar Dhonnchadh Bán bocht is é dhá dhaoradh;
Bhí caipín bán air in áit a hata
Agus róipín cnáibe in áit a charabhata.
Ó 'gus tá mé ag tíocht ar feadh na hoíche,
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór chaorach
Mo bhrollach oscailte is mo cheann liom sínte
Cé bhfaighinn romham ach mo dheartháir is é sínte.
Ó chaoin mé an chéad dreas ag gob na locha;
An darna dreas ag bun do chroiche;
An tríú dreas os cionn do choirpse,
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh.
Ó 's a Dhonnchaidh Bháin níorbh í an chroch ba dhual dhuit
Ach a dhuil chun an sciobóil 's an fasair a bhualadh
An céachta a d'iompódh deiseal agus tuaifeal
's an taobh dhearg den fhód a chur in uachtar.
Ó is a Dhonnchaidh Bháin, is a dheartháirín dhílis,
Is maith atá a fhios agamsa céard a bhain dhíom thú;
Ag ól an chupáin is ag deargadh an phíopa
Ag siúl na drúchta i gcoim na hoíche.
Ó tá spré Dhonnchaidh Bháin ag tíocht abhaile
Is ní ba ná caoirigh ná caiple,
Ach tobac is píopaí is coinnle gheala
'Gus ní dhá mhaíochtáil é ar lucht a gcaite.

