SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - ÉAMON Ó DONNCHADHA

 

ÉAMON Ó DONNCHADHA

divider

Éamon Ó Donnchadha

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Éamon Ó Donnchadha as Baile Átha Cliath ach atá ina chonaí i gCo. na Mí a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Éamon le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   Róisín Dubh  
 2.   Donnchadh Bán  
 3.   Máirín Staunton  

 

MÁIRÍN STAUNTON

divider

Tá pabhsae gléigeal ar bhruach na céibhe
Agus bhuail sí Deirdre le breáichte is gnaoi,
Is dá n-abrainn Héilin an bhanríon Ghréagach
Ar thit na céadta dá barr sa Traí.
Tá gile is lasadh inti do réir a chéile,
Is binne a béilín ná cuach ar chraobh,
Is a méin ná a tréithe ní bhfaighfeá in aon bhean
Ó d'éag an péarla a bhí i mBaile Uí Laí.

Dá bhfeicfeá an spéirbhean is í gafa gléasta,
Lá breá gréine sa tsráid, is í ag siúl,
Solas lasta ina brollach gléigeal
a bhéarfadh léargas do dhall gan súil.
Tá grá na gcéadta i gclár a héadain,
Is geall a féachaint le réalt an luain,
Is dá mbeadh sí in éifeacht le linn na ndéithe,
Ní suas do Véineas a bhéarfaí an t-úll.

Tá a folt ag casadh léi síos go glúine,
ag fí is ag lúbadh go béal a bróig,
Ina dhualta scartha, is é chomh glas le drúchta,
Is ina thrilsí ag scuabadh ina diaidh sa ród.
Siúd í an chúileann is gile múinte
Dár oscail súil is dhá maireann beo,
Dá mba liomsa dúiche nó stát Lord Lucan
Dar brí mo chúise ba liomsa an tseoid.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER