SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - GEARÓIDÍN BREATHNACH

 

GEARÓIDÍN BREATHNACH

divider

Gearóidín Breathnach

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa gclár seo, buailfimid le Gearóidín Breathnach as Gaoth Dobhair.

Insíonn sí d’Antaine faoin na hamhráin is fearr léi...

 1.   Thíos i lár an Ghleanna  
 2.   Caitlín Triall  
 3.   An Droighneann Donn  

 

CAITLÍN TRIALL

divider

Níl aonach ná margadh dá bhfuil ins an áit
Nach bhfeicim-se Cití is í díol a cuid snáth
Orú scairtim isteach uirthi 's buailinn an clár
Is a Chití na n-anam, fan agam go lá.

Níl bó níl gamhain 's níl caora bhán
Ó bhruach Loch Carbhaith go maol an tSléibh' bháin
Nach dtabharfainn do Chití ar an aon phóg amháin
Sí a leigheasadh an arraing teacht fríd i mo lár.

Ó gheall tusa domh-sa is gheall tú faoi dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt anois ná go deo
Ná go bhfaca mé Cití `s fear eile ag ól
I gcúl tom dreasóg 's mug leanna ina dorn.

Ó dá bhfeicfeása Cití is í amuigh ar an tsliabh
Ba ghile í ná an eala dá bhfaca tú ariamh
Scaipeann sí an drúcht agus is ní bhrúfaigh sí an féar
Is ba ghile a dhá súil na bláth na sú craobh.

Ach ligfidh muid tharainn é ní hé sin le stuaim
Ní mian liom-sa trácht ar Chití na gcuach:
Sí planda an duine í `tá saoithfiúil suairc
A samhail ní fhaca mé theas nó ó thuaidh.

Ó buachaill beag beadaí mé, i ngrá le bliain
'S go b'fhearr liom bean agam ná bhfaca mé riamh
Ach lig mé na buachaillí is an cuideachta uaim
Ná go raibh mé 'na bhaile le Caitlín Triall.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER