SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - GEARÓIDÍN BREATHNACH

 

GEARÓIDÍN BREATHNACH

divider

Gearóidín Breathnach

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa gclár seo, buailfimid le Gearóidín Breathnach as Gaoth Dobhair.

Insíonn sí d’Antaine faoin na hamhráin is fearr léi...

 1.   Thíos i lár an Ghleanna  
 2.   Caitlín Triall  
 3.   An Droighneann Donn  

 

AN DROIGHNEANN DONN

divider

Síleann céad acu gur leo fhéin mé nuair ólaim leánn
Is go dtéann dhá dtrian síos dom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom,
Sneachta séidte agus é dá shíor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní bíos ar a' Droighneann Donn.

Fear gan chéill orthu bíos ag dréim leis, an chraobh ró-ard
Is crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a lámh
Cé gur ard é crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
Fásfaidh sméara 'gus bláth sú craobh ar a' chrann is ísle bláth.

Dá mbeinn 'mo bhádóir ba deas a shnámhfainn ar an fharraige seo anonn
Dá mbeadh léann agam scríobhfainn líne le barr mo phinn
Mo thrua géar gan mé is tú a ghráigh mo chroí
I ngleanntáin sléibhe le héirí gréine is an drúcht ina luí.

Ní bean buclaí ná bean ribín a d'tabharfá dom
Ach ghearrchaille ghrúma a bhí dána dubh
Mairéad na nGuirnín sí phógadh mo bhéal.
Tá mé buartha fá mo mhuirnín 'gus ní náire liom é
Má thuig tú choíche tar san oíche go cúl a' tí
Tráthnóna nó go moch ar maidin nuair a bís an drúcht ina luí
Cé nach labhraimse bím ag meabhrú go mór fan mo chroí
Is tú mo chéad searc agus ní féidir mo chumha a chloí.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER