SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

 

JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

divider

Johnny Mháirtín Learaí

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa gclár seo, buailfimid le Johnny Mháirtín Learaí as Leitir Árd, Caiseal.

Insíonn sé d’Antaine faoin na hamhráin is fearr leis...

 1.   Co. Mhaigheo  
 2.   Bruach na Carra Léith  
 3.   Cuachín Ghleann Néifin  
 4.   Bríd Thomáis Mhurchadha  

 

CO. MHAIGH EO

divider

Ar an loing seo, a Pheaid Uí Loinsigh sea a bhímse ag déanamh bróin
Ag osnaíl ins an oíche 'gus ag síor ghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m'intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
D'ar m' fhocal is maith a chaoininse Contae Mhaigh Eo.

Liostáil mé le sergeant ag dul sráid an bhaile mhóir,
Mar a cheap mé go mba breá an rud dhom é nuair a bhí mé bocht óg;
Ó thug sé gloine 'is cárta dhom agus claimthe le mé ghardáil
Is dúirt sé go mb'fhearr dom é ná in Éirinn go fóill.

Is go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachrainn go buachailleacht na mbó;
Go n-osclófar na comharthaí atá ar mhullach Bheanna Beola
Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat a Chontae Mhaigh Eo.

Anois a chomrádaí na dílse, táim cloíte go mór,
Is dá bhféadfainn is dhuit a d'inseoinn dhá thrian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, a maireann go mo mhuintir,
Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER