SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - JOSIE SHEÁIN JEAIC

 

JOSIE SHEÁIN JEAIC

divider

Josie Sheáin Jeaic

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Josie Sheáin Jeaic as Carna, Co. na Gaillimhe a bheas ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Josie le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr leis...

 1.   An Buinneán Buí  
 2.   Sail Óg Rua  
 3.   Amhrán Rinn Mhaoile  

 

AMHRÁN RINN MHAOILE

divider

Scríobhfainn agus léifinn leabhar Gaeilge cé gur milis a blas
Agus dhéanfainn céachta Gaelach a réabadh an iomaire ghlas
Ó dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc 's bhréagfainn í seal
Ó 'gus fear eile ar mo thréithe níorbh fhéidir nó d'éalódh leis bean.

Gus tá mé i mo shuí ó ghlaoigh an coileach aréir
Cur na tine seo síos do mo mhian is dá fadú liom fhéin.
A Mhuire 'gus a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Na coiligh bheith ag glaoch 's Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Is nár fháigh mé bás choin nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam 's caoirigh 's mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg ins an tír seo tá ag cur eadrainn gach aon dara lá
Ach nár fháigh sí bás choíchín go mbeidh sí ag caoineadh 's mise ag mo ghrá

'Gus a bhuachaillín bháin ní ábhar mór magadh dhuit mé
Níl agat le rá liom ach amháin go bhfuil mé gan spré
Ach tá mise lán tsásta má bhíonn tú lách soineanta réidh
Gus d'ólfainn deoch as muga bán leat, tá grá a'am do lorg do bhéil.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER