SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR

 

MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR

divider

Máire Ní Chéileachair

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is í Máire Ní Chéileachair as Corcaigh a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Máire le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...

 1.   Bean Dubh a' Ghleanna  
 2.   Trucail Pheige Bhreátha  
 3.   An Clár Bog Déil  
 4.   Aisling Gheal  

 

TRUCAIL PHEIGE BHREÁTHA

divider

Ar maidin dom go deigh-mhoch `s mé ag eirí as mo leabaigh dhom,
Bhí Maidhc an t-engine driver is Tadhg istigh sa tseana-chairt.
Bhí fíon is puins á roinnt ann ag déanamh an mhargaidh
'S an cailín óg ní bhfaigheadh sé go ndíolfadh aisti an t-airgead
Is trucail Pheige Bhreátha, tar láithreach agus ceartaigh í.

Sé an Maidhc sin Dhomhnaill Ghruama
Do rug an bua thar fearaibh leis,
Is ait an spré do fuair sé, le bean uasal seana-chairt.
Do ruadh dinnéar mór dóibh thuas i mbarr an bhaile,
`Gus `sé Kingston a chaithfidh gluaiseacht
is a leabhar aige ar a bhaclainn,
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Nuair a tháinig Tadhg suas láithreach is ceann an charra cnagaithe
`Sé Maidhc a thit i bhfanntais le scanradh is le hanaithe;
`Sé dúirt an cailín óg seo go dtoghfadh sí thar fearaibh é
Is go ndéanfadh buachaill córach de is go ramhródh sí sa leabaidh é
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER