


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is í Máire Ní Chéileachair as Corcaigh a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Máire le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...
1. Bean Dubh a' Ghleanna
2. Trucail Pheige Bhreátha
3. An Clár Bog Déil
4. Aisling Gheal

A shearc is a rúin, is fada liom tá an domhnach uaim
Mar shúil is go bhfeicfinnse tú arís ar cuairt
Do chúilín cailce is do bhéilín meala, is do chroí nár chruaigh
Is ar mh'fhallaingse gur mheallaise mo shláinte uaim.
Do ghlacfainn tú gan ba gan punt agus gan áireamh spré
Do leagfainn chugam thú maidin drúchta ar bharr an fhéir
Sé mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh
I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach clár bog déil.
Ní ar chlár bhog ab'fhearr liom a bheith sínte leat
Ach ar ard leabaidh álainn fé shíodaibh bhrat
Mo lámh dheas at'fháscadh le mo chroí isteach
Agus is gearr go bhfaighinnse spás beag ón saighead so am' shlad.

