


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is é Micheál Seoige ón Gleann Mór ar an gCeathrú Rua a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Micheál le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...
1. Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair
2. Eascann Bhaile na hInse
3. Bríd Thomáis Mhurchadha

Dá bhfaighinnse culaith éadaigh a mbeadh ór ag sileadh léithe
Ar shon dán a dhéanamh do thaobh Chlainne Gall
's ní thiocfaidh sé in mo thréartha sliocht Liútair a mholadh ar aon chor
A d'iompaigh láimh an chleithe 'gus a thréig Mac na nGrást
'S nárbh fhearr an charaid dhomsa tráth m'anam bocht a scrúdú
Ar chragaire don dúiche ar chuntar dá bhfaighinn
Mo chreideamh fhéin a phlúchadh mar a dhéanfadh mada dúchais
Is nach mise a bheadh go cúthal tráth cuntas a thabhairt ann.
Níor rugadh 'gus ní bhéarfar do shagart ná do chléireach
An té a bhfuil fios mo thréartha aige an tAon Fhear seo amháin
Nach bhfuil cluiche ar bith dá thréine nár imríos uair is céad ann
Is mo chíos ina dtráth do ghlaoitear go cinnte bím gearr
An tríú peaca a léitear ó go doimhin i mo chlaonta
Dhá mbeinn chomh fada sléachta is bhí Éabh 'gus Ábh
'S mara ndéanann onóir Dé dhil a mhaitheanas uaidh fhéin dhom
Is é sin an cás nach féidir a réiteach go brách.

