SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - MÁIRTÍN TOM SHEÁINÍN

 

MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN

divider

Mairtín Tom Sheánín

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Máirtín Tom Sheánín as An Sruthán Buí, Leitir Móir a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Máirtín le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   An Sagairtín  
 2.   An Capall  
 3.   Amhrán Fhoirnise  
 4.   Amhrán Mhuínse  

 

AN SAGAIRTÍN

divider

'S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige 'gus séala ó Chríost,
Is tá sé' triall chun a choláistí.

Tá an oíche seo dorcha is tá sí fuar,
'Gus tá sí 'goilliúint ar mo chroí go crua;
Mo stór a d'imigh 's nach bhfuil le fáil,
'S a bhéas a' goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

Ó níl mé tinn agus níl mé slán,
'Séard a dúirt mo mhuintir go bhfaighinnse bás
A Dhia 's a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi 's gan í a'm le fáil.

Ó éist, a chailín deas is ná sil deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d'aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
'S dhá mbeadh breith ar m'aiféal a'm, ba leat mé fhéin.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER