


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is é Máirtín Tom Sheánín as An Sruthán Buí, Leitir Móir a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Máirtín le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...
1. An Sagairtín
2. An Capall
3. Amhrán Fhoirnise
4. Amhrán Mhuínse

'Gus scríobhfaidh mé litir go Foirnis amáireach
Ceannóidh mé páipéar is stampa dhá phingin,
Ar thuairisc mo chailín a dtug mise grá dhí
Is ní fhanfad san áit seo mura dtige sí aríst.
Ní fhaca mé a leithéid in Éirinn ná in Árainn,
Ba í an planda ba dheise í is a chuaigh riamh thríd an tír,
Bhí 'cúl fada gruaige 'dhul síos thar a básta,
Is 'té thógfadh ar láimh í, bheadh fad ar a shaol.
Is ní raibh sé ach seachtain nuair a fuair mise freagra
Go raibh romham míle fáilte ach a theacht chun a tí
'gus scéal óna hathair go raibh sé lánsásta,
'Sé an spré atá le fáil aici bó agus lao.
Ó d'éirigh mé ar maidin chomh luath is a bhí an lá ann,
Fuair mé an curach ó Sheán agus thug mé m'aghaidh síos;
Ní raibh mé ach leath bealaigh nuair a shéid sé ina ghála,
Is bhí báid mhór' ina gcrann dhá gcur tharam aníos.
Bhí crogaí maith dair a'm agus togha maidí rámha,
Is cá ngéobhfá bád geallta ní ba réitithe ná í;
Ní thóg sé orm ach leathuair ó d'fhág mé an Aill Bhán,
Go raibh mé i gcaladh Dan Mháirtín is téad a'm i dtír.
Cé a d'fheicfinn ach Maitias ina sheasamh ar an aill romham,
Ó rinne sé gáire 'gus chrom sé a cheann faoi,
"Ó ní fiú pingin go leith thú le breathnú sa mbád ort
Ach tá tú chomh láidir le athair an lao."

