SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - SARAH GHRIALLAIS

 

SARAH GHRIALLAIS

divider

Sarah Ghriallais

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa chéad chlár, buailfimid le Sarah Ghriallais, amhránaí aitheanta as teaghlach ceolmhar i Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara.

Insíonn sí d’Antaine faoin na hamhráin is fearr léi...

 1.   Eleanór a Rún  
 2.   Co. Mhaigh Eo  
 3.   Táilliúr a' Mhagaidh  
 4.   Póg Bhideog  

 

PÓG BHIDEOG

divider

Is milse póg Bhideog ná uisce Loch Éirne ar fad
Ná an chéad scoth den chruithneacht 's í fuinte i sú mhil bheach
Tá ródannaí meala ag na beacha ins gach ceard dhá dtéim
'S go bhfuil siúcra donn craite ar a mblaiseann Bideog don bhia.

'S nach deas í an eala nuair a thagann sí ó na cuanta isteach
Níos deise ná an smóilín ag seinm ar bharr na gcrann
Ní dóigh don uisce ag titim ná intinn bean
'S gur fear gan aon mhisneach nach rithfeadh naoi n-uaire an seans.

Ó rachad go Gaillimh go gceannóidh mé báidín úr
Agus ceannóidh mé loingeas do Bhideog le bheith a' déanamh spóirt
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom is leide beag a fháil don chóir
Ní ghabhadh mise abhaile nó go mblaisfidh do phóg Bhideoig.

'S má bhí mise folamh is dar m'fhocal ba mhór an scéal
'S a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil
A' gabháil bóthar ná bealach níor aithris tú ariamh an scéal
'S nár lige Dia 's Muire gur i ngeall ort a chaillfí mé.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER