SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - SEÁN MAC CRAITH

 

SEÁN MAC CRAITH

divider

Seán Mac Sraith

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Seán Mac Craith a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Seán le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   An Carabhat  
 2.   Seoladh na nGamhna  
 3.   Lá Fhéile Pádraig  

 

AN CARABHAT

divider

Nach fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
Ag tuar chun spairne i gClár Uí Néill
Ó bhailte na tuaithe go bruach na farraige
Uabhar 's eagla 'gus ár ar Ghaeil
Mar thá sé siosma ró-mhór ins an gcuan seo in aice linn
'S an Eaglais buartha ar uair an Aifrinn
Ag sileadh na súl ag tabhairt chomhairle bhur n-anam díbh
Tháimse im' chodladh nó is fíor mo scéal.

Sé teagasc na cléire 's de réir na hEaglaise
De réir mar mheasaimse b'fhearr chun Dé
'S ní dul chun an aonaigh le faobhar ar mearthall
Go tréan faoi arm is lámhach na bpiléar.
Ag imeacht le baois 'déanamh aimhleas bhur n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearthall
Ach geallaimse díbh go bhfuil bhur naimhde ag magadh fúibh
Tháimse im chodladh nó is fíor mo scéal.

A bhuachaillí gnaoi ná bígí i bhfeirg liom
Mar is díbhse a spreagadh mo ráite béil.
Tagann osna im' chroí nuair a chím ná leanann sibh
Dlí na hEaglaise is áille méin.
Nach dearbh an scéal bheith le léamh ag na Gallaphoic
Gurb í Clanna Gael thá ag déanamh an achrainn
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana-chirt
Bheist agus carabhat bán do thréig.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER