SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - TREASA NÍ MHIOLLÁIN

 

TREASA NÍ MHIOLLÁIN

divider

Treasa Ní Mhiolláin

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is í Treasa Ní Mhiolláin a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Treasa le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...

 1.   Dónall Óg  
 2.   Cúirt Bhaile Nua  
 3.   An Abhainn Mhór  
 4.   An Spailpín Fánach  

 

CÚIRT BHAILE NUA

divider

Lá breá dár éiríos ar maidin, ag triall dom ar Chúirt Bhaile Nua,
Cé a d'fheicfinn ach Neilí ag gabháil tharam, is ba ró dheas é a leagan 's a snua;
Bhí a grua bán níos gile ná 'n eala, ná sneachta mín éadrom an lae,
'Gus a stóirín, nach trua leat mo chás-sa, mar is lag lúbach a d'fhága tú mé.

Tá teachín deas gleoite sa ngleann a'm, agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a'm, thabharfainn póigín deas milis dá béal;
Nach iomaí cailín deas a chroithfeadh láimh liom, is a thiocfadh sa teach a'm le mí,
Ach dhá bhfaighinnse leo ór buí 'gus diamonds, sí Neilí tá i gceartlár mo chroí.

Cén t-iontas dhá lasfadh an talamh, cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Cén t-iontas do mo shúile a bheith leata is a liachtaí deoir a shil siad le mí.
Tá mise tinn brónach le fada, deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín, atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER