






Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.
Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.
Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.
PAT MULCAHY
Is as Baile Bhiocáire i gCo. Chorcaí don fhear ildánach seo, 39 bliain d'aois agus athair duine clainne. Fear deislámhach é ag plé le hinnealra agus nil tasc nár chomhlíon sé agus níl scil nár léirigh sé le linn an chomórtais seo.

