SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

Feirm Factor
Seanie Boyle

divider

Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.

Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.

Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.

 

SEANIE BOYLE

Is ón bhFál Carrach i dTír Chonaill don fhear seo, 37 bliain d'aois, athair clainne (beirt) agus iarimreoir peile lena chontae (Dún na nGall 1994/95). Is feirmeoir ba agus caoirigh é a bhfuil caighdeán a fheirme féin feabhsaithe chuig caighdeán taispeántais REPS aige. Tá a fhealsúnacht féin aige maidir le gairm na feirmeoirechta agus creideamh daingean go bhfuil sé ag caomhnú na feirme teaghlaigh do na glúinte atá le theacht.

Cineál feirmeoireacht:   Feirmeoireacht Laonna agus Caora
Stádas Phósta:   Pósta
Líon gasúir:   2

divider

Seanie Boyle

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER