






Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.
Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.
Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.
CAROLINE O'NEILL - Cow-Farmer
Máthair shingil. 25 bliain d'aois as Baile na Daibhche, Co Chorcaí. Beidh sí ar dícheall chun a chruthú go bhfuil sí chomh maith le nó níos fearr ná aon fhear! Bhuaigh sí craobh réigiúnach de Bhanríon na Talún agus ní bheidh aon eagla uirthi roimh aon tasc a thugtar di.

