






Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.
Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.
Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.
NORA NÍ LOINSIGH
As Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí Co Chorcaí don bhean seo, 25 bliain d'aois. Tá feirm déiríochta ag a muintir ach tá a croí sna capaill ó bhí sí ina páiste. Is mar theicneoir saotharlainne i réimse na gcapall atá sí fostaithe faoi láthair. Bean ábalta eile a bheidh ag tabhairt dúshlán na bhfear.

