





GLAC PÁIRT I FEIRM FACTOR 3
Tá TG4 sa tóir arís ar 12 feirmeoir ar fud na hÉireann chun dul in iomaíocht lena chéile chun duais iontach a bhuachan - LAND ROVER DISCOVERY!
Tá Good Company Productions coimisiúnaithe ag TG4 chun léiriú a dhéanamh ar sraith a 3 de 'Feirm Factor', agus déanfar an scannánaíocht le linn roinnt deirí seachtaine i rith an tSamhraidh 2010 agus craolfar na cláir in Earrach 2011.
Tá 12 feirmeoir atá idir 18 - 60 bliain d'aois á lorg againn, idir fhir agus mhná, a bheidh in ann an chuid is fearr d'fheirmeoireacht na hÉireann a chur os ár gcomhair. Beidh roinnt tascanna agus dúshláin níos leithne a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht le comhlíonadh ag na hiomaitheoirí.
An TUSA an feirmeoir is fearr in Éirinn?
An bhfuil an FEIRM FACTOR agat?
Má tá, déan teagmháil le Good Company Productions ag (057) 932 3847 nó seol ríomhphost chuig feirmfactor@goodcompany.ie nó líon amach an fhoirm iarratais. Chuideodh sé ó thaobh an iarratais de á mbeadh an 'Cúpla focal' ag iarratasóirí, ach ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge.
12 FEIRMEOIR - 3 MHOLTÓIR - 1 LAND ROVER