SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

2002 - PADDY KEENAN

B'é Paddy Keenan an tríú iar-bhall den Bothy Band a fuair an Gradam Ceoil nuair a roghnaíodh é mar cheoltóir na bliana i 2002. Aithnítear é mar mháistir na bpíobaí, lena stíl draíochta fhuinniúil.

Rugadh Paddy in Áth Troim, Co. na Mí, cé gur shocraigh an chlann i mBaile Formaid in iarthar Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Bhí muintir Keenan sáite i dtraidisiúin láidir ceoil an lucht siúil. Píobairí ab ea athair agus seanathair Paddy, agus thosaigh sé féin ag seinm nuair a bhí sé 10 mbliana d'aois. In aois a 14 bliana, sheinn sé in Amharclann an Gaiety agus bhí a phaisean agus a scil le tabhairt faoi deara fiú ag an aois sin. Cé go bhfuil tionchar phíobairí móra an lucht siúil, ar nós Johnny agus Felix Doran, len aithint i gceol Paddy, b'é a athair, John, an tionchar ba mhó a bhí air mar cheoltóir. Sheinneadar beirt, le baill eile den teaghlach, sa ghrúpa The Pavees.

Thaistil Paddy i Sasana agus san Eoraip ag seinnt ceol blues agus rock ar ghiotár sular fhill sé ar Éirinn ag tús na seachtóidí. Bhí sé mar bhall den ghrúpa Seachtar, as ar fhás an Bothy Band agus thug an ceithre bliana a chaith siadsan ar an mbóthar deis don domhan mór iontas a dhéanamh de phíobaireacht fhiáin éachtach Paddy.

Ó tháinig deireadh leis an Bothy Band, is mar cheoltóir aonair a chloistear Paddy den chuid is mó anois, nó ag seinnt lena chomhbhádóir, Tommy O'Sullivan. Tá sé curtha faoi sna Stáit Aontaithe ó 1991.

 

Logo Gradam Ceol

Paddy Keenan

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER BAILE