SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

2005 - JACKIE DALY

Sa bhliain 2005 bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Jackie Daly, an chéad bhoscadóir a fuair an Gradam. Tá go leor déanta ag Jackie chun ceol Shliabh Luachra a chur chun cinn taobh amuigh den dúthaigh féin trína oirfideadh agus a stíl chroíúil spleodrach féin agus tríd an mbaint a bhí aige le mór-cheoltóirí agus grúpaí na linne seo.

Is i gCeann Toirc i dtuaisceart Chorcaí a rugadh é agus thosaigh sé ag foghlaim agus ag bailiú ceoil óna athair. Sheinn se go poiblí den chéad uair le Jim Keeffe, Pat Cashman agus Seán Lynch ar an ardán damhsa a bhíodh ag crosbhóthar Chnoc na Comhlann.

Tar éis dó seal a chaitheamh ina chónaí san Ísiltír, tháinig sé abhaile agus thosaigh ag seinm ceol beirte leis an bhfidléir Séamus Creagh. Aithnítear an ceirnín a rinne siad le chéile i 1977 ar cheann de na h-albaim ba mhó tionchar sa tréimhse sin.

Bhí Jackie ina bhall de chuid de na grúpaí is cáiliúla ó shin i leith. Chaith sé ceithre bliana ar an mbóthar le De Danann agus sheinn sé le Reel Union agus Arcady. Le Buttons and Bows, thug sé ceol úr ó Cheanada, ó Chríoch Lochlainn agus ó Oileáin Sealtainn isteach sa repertoire agus bíonn sé fós ag taisteal agus ag taifeadadh le Patrick St.

Tá Jackie ina chónaí i Sráid na Cathrach in iarthar an Chláir agus bíonn sé le cloisteáil go rialta ag seisiúin sa cheantar sin.

 

Logo Gradam Ceol

Jackie Daly

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER BAILE