Ón Bothy Band i 1974 go dtí na Chieftains faoi láthair, tá Matt Molloy mar mheirgire agus mar ínspioráid do cheoltóirí na feadóige móire in Éirinn le níos mó ná 30 bliain anuas. Tá a stíl phearsanta shainiúil aige, a léiríonn binneas agus cruinneas gan stró, ach a léiríonn freisin na blianta fada caite ag iarraidh barr-fheabhas a chur ar a cheird.
Rugadh Matt i mBealach an Doirín, Contae Ros Comáin, i gcroílár cheantar traidisiúnta na fidile agus na feadóige móire i dtuaisceart Chonnacht. Thosaigh sé ag seinm in aois a hocht mbliana agus bhí duaiseanna buaite aige i gcomórtais náisiúnta - Fleadh Cheoil na hÉireann agus Oireachtas na Gaeilge faoin am go raibh se 18 bliain. Chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath i lár na seascaidí agus chuir sé aithne ar na ceoltóirí a bheadh mar chomhbhádóirí aige ina dhiaidh sin sa Bothy Band, Planxty agus na Chieftains.
Tá aithne ar Matt ar fud na cruinne mar iar-bhall den Bothy Band, an grúpa a rinne ceannródaíocht iontach i bhforbairt agus i gcur chun cinn an cheoil Ghaelaigh. Tá sé mar bhall de na Chieftains le 30 bliain anuas ach tá go leor ceirníní aonair agus beirte déanta aige chomh maith. Aithnítear an ceirnín a rinne sé le Tommy Peoples agus Paul Brady i 1978 mar sheod i measc cheirníní traidisiúnta na linne.
Nuair nach mbíonn sé ag taisteal leis na Chieftains, bíonn Matt sa mbaile lena bhean chéile Geraldine, ag tabhairt aire dá dteach tábhairne cáiliúil i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo.

