



ROS NA RÚN - SRAITH # 14!
Faigheann Tadhg agus Frances amach nach dtiocfaidh a naíonán nua-bheirthe slán gan smior a fháil ó dhuine gaolta. Feicfear go bhfuil Caitríona ag dul le fiontraíocht nuair a osclaíonn sí sciamhlann ar an mbaile, gnó a mbeidh biadán go leor ann agus faoi.
Ní chun sonais a rachaidh an saol ag Bríd agus Micheál má leanann Molly uirthi lena cuid cleasanna. Beidh a chuid fadhbanna tinnis féin ag Peadar bocht freisin, is cosúil, agus dea-scéala ag Adelaide.
Dé Máirt & Déardaoin @ 8.30in
Ollchlár Dé Domhnaigh @ 10.30in

Bíonn Mack ag iarraidh fáil amach cé na cearta atá aige mar athair nach bhfuil pósta. Tá Adelaide chun an páiste a uchtú agus tá Mack ag iarraidh uirthi a hintinn a athrú. Tá Brenda ag impí air gan a bheith ag argóint léi mar go bhfuil a brú fola ard agus go bhféadfadh sé í féin agus an páiste a chur i mbaol. An n-éireoidh le Mack intinn Adelaide a athrú?
Tá Peadar ag smaoineadh éirí as an obair, an siopa a dhíol agus dul ag taisteal. Ach níl suim ar bith ag Máire imeacht as Ros na Rún. An mbeidh Peadar in ann intinn Mháire a athrú?


