SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


DUAISEANNA DEARTHA TG4 AG ICAD 2004

Thug trí shaothar margaíochta de chuid TG4 gradaim leo ó dhuaisbhronnadh 2007 Institiúid Chruthaitheach Fhógraíocht agus Dheartha (ICAD) ag deireadh na seachtaine seo caite.

Is iad gradaim ICAD an slat-tomhais aitheantais do thionscal an deartha in Éirinn agus tig duaisiarrachtaí san iomaíocht anois do Chomórtas Deartha na hEorpa freisin. Foireann TG4, i bpáirt leis an gcomhlacht Publicis QMP a bhí i mbun na saothar buacach ar fad a thug duaiseanna leo

Thug an feachtas "Boobs" leis an Duais Chré-umha sa Rannóg don Fheachtas Faoin Aer ab Fhearr, (comh-fhógra do na sraitheanna Ros na Rún agus Nip Tuck ab ea é seo). Bronnadh Duais Airgid (an ceann ab airde i mbliana sa rannóg seo) ar an bhfógra "Tuigeann tú anois, Daniel" sa Rannóg don Fheachtas Teilifíse ab Fhearr (comh-fógra do na sraitheanna drámaíochta Ros na Rún agus Cold Case ab ea é seo) agus bronnadh Duais Airgid eile ar an bhfógra "Pregnant" - fógra do Pheil na mBan- sa Rannóg don Stiúradh Ealaíne ab Fhearr.

Thréaslaigh Feidhmeannach Margaíochta TG4, Pádraic Ó Ráighne leo ar fad a bhí páirteach sna tograí buacacha "Is cruthúnas eile é seo go n-aithníonn ár gcomhghleacaithe go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí", a dúirt sé "agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile" .

Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardha - TG4 - (01) 476 3030
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505228

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER