SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


DÚNMHARÚ, DRÚIS, ÉAD AGUS FÓRSAÍ DORCHA OSNÁDÚRTHA I NDRÁMA NUA TG4 - NA CLOIGNE

Tosóidh sraith nua trí chlár den scéinscéal - 'Na Cloigne' - ar an gCéadaoin, 13 Eanáir ag 10.30pm ar TG4

I mí Eanáir, craolfar an scéinscéal comhaimseartha osnádúrtha Na Cloigne i dtrí pháirt ar TG4. Insíonn an tsraith nua seo scéal lánúine óige atá sáinnithe i ndúnmharuithe foréigneacha beirt bhan óg. Beidh an chéad chlár le feiceáil ar TG4 ag 10.30pm ar an gCéadaoin, 13 Eanáir.

Fágtar baile an Chloiginn i gConamara gan mhothú nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh.

Tá Seán cráite ag brionglóidí de neacha dorcha, contúirteacha agus é ag iarraidh greim a choinneáil ar a mheabhair agus ar a chaidreamh briste le Nuala. Fad is atá muintir an bhaile agus na Gardaí ag iarraidh déanamh amach cé atá ciontach as a leithéid de choir uafásach, tá an Ceannfort Ó Sé ag baint úsáide as an tuiscint ar leith atá aige siúd ar chúrsaí osnádúrtha agus tá ag éirí leis bogadh i dtreo na fírinne.

Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, ar maraíodh iad le teann éada nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafásacha seo?

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara. Tá Na Cloigne lonnaithe i mbaile an Chloiginn i gConamara, áit atá beo le hachrainn teaghlaigh, éad agus fórsaí dorcha an oilc. Níl ach corr dhuine a fheiceann an méid atá i bhfolach istigh i gCoill an Chloiginn.

Tá neart d'aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Dara Devaney agus Siobhán O'Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.

Deir Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Sraithe Na Cloigne: "Is scéal corraitheach é Na Cloigne a dhéanann teagmháil leis an taobh dorcha den riocht daonna, le blaiseadh den osnádúr caite isteach ann. Chomh maith le díriú ar fhiosrúchán dúnmharaithe, breathnaíonn an scéal freisin ar théamaí ar nós éad, achrann teaghlaigh agus fuascailt i dtrí chlár na sraithe. Tá aisteoirí agus criú den scoth bailithe le chéile againn don léiriúchán seo. Is ábhar teilifíse é ar fiú go mór breathnú air."

Craolfar an chéad chlár de Na Cloigne ar an gCéadaoin, 13 Eanáir ar TG4 @ 10.30pm.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER