| DÉ DOMHNAIGH • DÉ LUAIN • DÉ MÁIRT • DÉ CÉADAOIN • DÉARDAOIN • DÉ hAOINE • DÉ SATHAIRN | ||
| 06:00 | France 24 Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. |
|
| 07:00 | Cúla 4 Craic, ceol, duaiseanna & na cláracha is fearr ar Cúla4. |
|
| 07:01 | SpongeBob SquarePants (TS) |
|
| 07:25 | Back At The Barnyard |
|
| 07:50 | Cúla 4 na nÓg Cláir den scoth ar Cúla4 na nÓg. |
|
| 07:51 | Tar ag Spraoi Sesame |
|
| 08:15 | Ozie Boo An Bheach. |
|
| 08:35 | Loopdidoo |
|
| 08:40 | Animal Mechanicals (TS) |
|
| 08:50 | Franny's Feet Bíonn Loopdidoo ag iarraidh dul ar thuras go dtí imeall na cruinne. |
|
| 09:05 | Ni-Hao-Kai-Lan |
|
| 09:30 | Cedric |
|
| 09:45 | Scannán - Scooby Doo 2: Monsters Unleashed (OS) (2004) Is iad Freddie Prinze Jr, Sarah Michelle Gellar agus Matthew Lillard na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Raja Gosnell. Téann an Mystery Inc ag fiosrú bithiúnaigh a mbíonn masc air agus a bhfuil a seannamhaid ar fad bailithe le chéile aige ina measc an Creeper agus Captain Culter. |
|
| 11:25 | The Irish R.M. Bíonn Flurry ag iarraidh cluiche polo a imirt i gcoinne foirne atá tagtha as an India. Díolann sé searrach lárach le John Cullinane ach le linn an chluiche téann an searrach fiáin. |
|
| 12:25 | Ros na Rún (OS) (GS) Bíonn Mack ag iarraidh fáil amach cé na cearta atá aige mar athair nach bhfuil pósta. Tá Adelaide chun an páiste a uchtú agus tá Mack ag iarraidh uirthi a hintinn a athrú. Tá Brenda ag impí air gan a bheith ag argóint léi mar go bhfuil a brú fola ard agus go bhféadfadh sé í féin agus an páiste a chur i mbaol. An n-éireoidh le Mack intinn Adelaide a athrú? Tá Peadar ag smaoineadh éirí as an obair, an siopa a dhíol agus dul ag taisteal. Ach níl suim ar bith ag Máire imeacht as Ros na Rún. An mbeidh Peadar in ann intinn Mháire a athrú? |
|
| 12:55 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 13:00 | Ó Pháirc an Chrócaigh go Buenos Aires (OS) Turas stairiúil a thug scoth-iománaithe na tíre seo ar phríomhchathair na hAirgintíne i mí na Nollag 2009. D’imir Réalta Vodafone 2008 cluiche spreagúil in aghaidh Réalta 2009 sa ‘Hurling Club’ i mBuenos Aires. Tugann an clár seo léargas ar an stair a bhaineann leis an iomáint san Airgintín agus an oidhreacht láidir Éireannach atá sa tír sin. Tugann iriseoirí, imreoirí agus lucht CLG a dtuairimí freisin ar an turas agus ar ábhair eile cosúil leis an GPA, ceiliúradh 125 an CLG agus an bhliain stairiúil a bhí ag iománaithe Chill Chainnigh i 2009. |
|
| 13:30 | GAA Beo Craoladh beo ar chluichí ceannais AIB na gClub san iomáint agus sa pheil as Páirc an Chrócaigh. Sa Chluiche Ceannais Iomána tabharfaidh Port Omna aghaidh ar Sheamróga Bhaile hÉil agus sa Chluiche Ceannais Peile tabharfaidh Cill Mhuire Uí Bhreacáin aghaidh ar Naomh Gall. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers agus le Mac Dara Mac Donncha. |
|
| 17:20 | Geantraí Speisialta (OS) Is as Campbell's Tavern in Áth Cinn a chraolfar an clár speisialta seo de Gheantraí. Beidh na Saw Doctors, Banna Ceoil Mháirtín O'Connor, Líadán, John Spillane agus an fidléir as Chicago Liz Carroll le feiceáil ar an gclár. Á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin. |
|
| 18:20 | Galtymore: Damhsa an Deoraí (OS) Bhí an halla damhsa cáiliúil, an ‘Galtymore’ i gCricklewood, Londain 50 bliain i 2001. Cé gur dhún an halla seo ó shin is iomaí cuimhne maith atá ag daoine ar an áit. Seo scéal faoin lárionad sóisialta a bhí ag muintir na hÉireann chomh fada siar leis na caogaidí, agus an tionchar a bhí ag an ‘Galtymore’ orthu. I measc na réaltaí móra a chas ann thar na mblianta bhí Dana, Big Tom, Joe Lynch agus cuid mhaith eile nach iad. |
|
| 19:13 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 19:15 | Nuacht TG4 Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4. |
|
| 19:56 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 20:00 | Lorg Lunny (OS) Sa tsraith nua ocht gclár seo beidh an ceoltóir cáiliúil Dónal Lunny ag taisteal na tíre ag lorg banna ceoil nua. Tugtar le chéile an t-ochtar a bheidh sa bhanna cheoil don chéad uair agus beidh orthu cónaí in éindí ar feadh deich lá. |
|
| 20:40 | Kennedy’s Cadets (OS) Clár faisnéise a léirigh Nemeton Productions do TG4 a insíonn scéal na ndaltaí airm a cuireadh anonn le garda ómóis a dhéanamh ar shochraide John F Kennedy in Arlington i 1963. Roghnaíodh sé dhuine fhichead le dhul anonn agus ní raibh ach ceithre uaire fichead acu le réiteach len aghaidh. Sa chlár seo filleann triúr de na daltaí, nár fhill ar Washington riamh ó shin, ar Arlington agus insíonn siad dúinn faoin ócáid stairiúil sin. Cuirtear 23 den 26 dalta a bhí i láthair an lá sin faoi agallamh. |
|
| 21:40 | Scannán - Intermission (2003) Is iad Colin Farrell, Colm Meaney, Kerry Condon agus Cillian Murphy na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Crowley. Nuair a bhriseann cúpla óg suas lena chéile cuireann sé isteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ar chuile dhuine atá timpeall orthu. Tugann sé daoine le chéile agus tarlaíonn rudaí greannmhara agus brónacha dóibh sa scannán rómánsúil a bhfuil casadh beag sa scéal! |
|
| 23:40 | Dervish – 21 Bliain Tá cáil bainte amach ag an mbanna ceoil Dervish ó thosaigh siad amach sa bhliain 1989. Beidh Moya Brennan, Martin Hayes agus Dennis Cahill, Kate Rusby, Kevin Burke, Michael McGoldrick agus an Swedish trio, Väsen ina dteannta i gceolchoirm ag ceiliúradh bliain agus fiche a mbunaithe. |
|
| 00:45 | Christy Moore (OS) Clár speisialta faoi shaol Christy Moore agus é i mbun amhránaíochta in Amharclann an Point i mBaile Átha Cliath i 2006. Beidh idir seanamhráin agus amhráin nua ar an gclár. |
|
| 02:25 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 02:26 | True Blood Sábhálann Bill Sookie rud nach bhfuil vaimpír ceapaithe a dhéanamh agus íocfaidh sé go daor as. Nuair a thagann Sookie abhaile bíonn tubaiste uafásach eile roimpi agus faigheann Bill, Sam le haire a thabhairt di. |
|
| 03:25 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 03:30 | France 24 Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. |
|
| 05:58 | Deireadh Craolta / Closedown (TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext |
|