| DÉ DOMHNAIGH • DÉ LUAIN • DÉ MÁIRT • DÉ CÉADAOIN • DÉARDAOIN • DÉ hAOINE • DÉ SATHAIRN | ||
| 06:00 | France 24 Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. |
|
| 07:00 | Cúla 4 Craic, ceol, duaiseanna & na cláracha is fearr ar Cúla4. |
|
| 07:01 | SpongeBob SquarePants (TS) |
|
| 07:25 | Back At The Barnyard |
|
| 07:50 | Cúla 4 na nÓg Cláir den scoth ar Cúla4 na nÓg. |
|
| 07:51 | Tar ag Spraoi Sesame |
|
| 08:15 | Wonderpets An Caimileon. An Phlatapas. |
|
| 08:35 | Loopdidoo |
|
| 08:40 | Animal Mechanicals (TS) |
|
| 08:50 | Franny's Feet |
|
| 09:05 | Ni-Hao-Kai-Lan |
|
| 09:30 | Cedric |
|
| 09:45 | Mr. Men |
|
| 10:00 | France 24 Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. |
|
| 10:55 | Tréadaí an Chnoic (OS) Clár faoi Mhánus Mac Pháidín as Dún na nGall a bhfuil bua ar leith aige le madraí. Tá tuiscint ar leith aige ar mhadraí. Tabharfaimid cuairt air agus é ag réiteach do Chomórtais Madra Caorach na hÉireann. |
|
| 11:55 | Comhrá: Annie Devaney (OS) Is í Annie Devaney as Roisín na Mainiach i gCarna a bheidh i mbun comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar chlár an lae inniu. Insíonn Annie dúinn faoi na blianta a chaith sí ag obair i Sasana agus faoin bhfaisean a bhí ann. Labhraíonn sí ar ghrá mór a saoil, Elvis Presley, agus ar an gcosúlacht atá idir í féin agus bean Elvis, Priscilla. |
|
| 12:25 | 7 Lá (OS) Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta. |
|
| 12:55 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 13:00 | Alias Smith & Jones Eachtraí bheirt bhuachaillí bó Hannibal Heyes agus Kid Curry. Ní théann rudaí go maith agus dúnmharaítear go leor daoine. |
|
| 14:00 | Cúla 4 na nÓg Carachtair chraiceáilte i gcaitheamh na maidine ar Cúla4 na nÓg. |
|
| 14:01 | Mr. Men |
|
| 14:15 | Ni-Hao-Kai-Lan |
|
| 14:40 | Cúla 4 Neart spóirt agus spraoi ar Cúla 4. |
|
| 14:41 | Clang Invasion |
|
| 14:50 | Chop Socky Chooks |
|
| 15:15 | Avatar |
|
| 15:40 | Eliot Kid |
|
| 15:55 | Skunk Fu |
|
| 16:10 | Bog Stop Tráth na gceist do pháistí óga. Is iad Ernán Ó Flannabhra, Gaelscoil Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, Daithí de Róiste, Gaelscoil Mhicíl Chiosóg, Inis, Co. an Chláir agus Rachel Ní Ródaigh, Scoil Cheathrú Thadhg, Co. Mhaigh Eo iomaitheoirí an lae inniu. |
|
| 16:35 | SpongeBob Squarepants (TS) |
|
| 16:50 | Ponc Bígí i dteannta Mháire Treasa agus Cholmáin leis an eolas is deireanaí a fháil ar chúrsaí ceoil, spóirt, faisin, scannáin agus go leor leor eile. Léirmheasanna spóirt agus ceoil chomh maith le cláir den scoth: 8 Simple Rules, My Super Sweet 16 agus Aifric. |
|
| 16:55 | Life With Derek Bíonn an chóisir is mó den bhliain ag tarlú agus ní bhíonn aon chead amach ag Casey ná ag Derek mar go raibh siad ag troid faoin gcarr. Nuair a chloiseann Casey go bhfuil Derek chun éalú amach le dhul ag an gcóisir bíonn sí féin ag iarraidh éalú leis. |
|
| 17:25 | 8 Simple Rules Bíonn a fhios ag Cate go bhfuil mí-ás éigin ar bun ag Bridget agus Kerry agus déanann sí a dícheall a fháil amach céard atá ar bun acu. Bíonn a fhios aici go rímhaith nach saoire bheag atá siad a eagrú di féin do Lá na Máthar. |
|
| 17:55 | Aifric (OS) Bíonn Aifric an-trína chéile nuair a cheapann sí go bhfuil a Deaide ag siúl amach le máthair Sophie. An féidir stop a chur leis sula mbíonn a phósadh le Janis scriosta? |
|
| 18:25 | Pimp My Ride Déanann Xzibit agus na leaids carr a ritheann ar bhithbhreosla as an nua. Tá sé in ann dul ó 0 – 60 msu taobh istigh de 3.5 soicind. Beidh Gobharnóir California Arnold Schwarzenegger ina aoi speisialta ar an gclár seo. |
|
| 18:57 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 19:00 | Nuacht TG4 Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4. |
|
| 19:26 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 19:30 | Comhrá: Con Ó Drisceoil (OS) Is é Con Fada Ó Drisceoil a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín anocht. Labhraíonn Con faoi na hamhráin a chum sé, faoi cheol agus faoi Johnny O'Leary, laoch mór dá chuid. |
|
| 20:00 | Garraí Glas (OS) Sraith faoi gharraíodóireacht orgánach: Tugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Inis Oírr arís áit a gcasann sí le Mairéad Uí Fhlatharta a thaispeánann di conas fataí breátha a chur agus chomh maith taispeánann sí di le cáca baile a dhéanamh. Téann sí ansin chuig Lissadell House áit a raibh a seanathair ina gharraíodóir os cionn céad bliain ó shin chun na fataí éagsúla atá curtha ann a fheiceáil. |
|
| 20:30 | Ros na Rún (OS) (GS) Tá bís ar Pheadar maidir lena phlean éirí as an obair. Téann sé sa tóir ar bhainisteoir chun an siopa a rith dóibh. Cé go bhfuil sé ráite ag Máire le Peadar go bhfuil sí sásta leis seo, níl i ndáiríre. Tá Johnny ag casadh tí Ghaudi agus bíonn neart ban ann le tacaíocht a thabhairt dó! Tuigeann Berni agus Caitríona gur buachaill báire é Johnny! |
|
| 21:00 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 21:05 | Two And A Half Men (TS) Is léir do Charlie nach bhfuil Alan sásta leis an gcaidreamh atá aige lena bhean, mar sin taispeánann sé dó conas scaradh óna bhean go héasca. |
|
| 21:30 | Feirm Factor (OS) Sraith faoi dhúshláin feirmeoireachta á chur i láthair ag Maura Derrane. Tar éis naoi seachtainí crua a bheith curtha isteach ag na feirmeoirí níl fágtha anois ach triúr acu. Tá siad i gCaisleán Charleville i gCo. Uíbh Fhailí áit a bhfógrófar an buaiteoir. |
|
| 22:15 | Marú Sraith faisnéise faoi dhúnmharaithe sa tír seo: Scéal James McParland a dhúnmharaigh Charles Wilson – i gCo. Chorcaí i mí Dheireadh Fómhair 1965. |
|
| 22:45 | Fíorscéal (OS) Tubaiste an Troisc: Clár faisnéise faoi iascach trosc sa Mhuir Bhailt. Deirtear go bhfuil an trosc le fáil arís sa Mhuir Bhailt. Ach an bhfuil i ndáiríre? Rinne iascairí, eolaithe agus polaiteoirí a ndícheall deireadh a chur leis an trosc sa Mhuir Bhailt. Tá an tAontas Eorpach anois ag iarraidh an speiceas a shábháil. Ach cén fáth mar sin a mbíonn ar iascairí fáil réidh leis na mílte trosc marbh chuile lá? |
|
| 23:45 | Ceol ar an Imeall Sraith ceoil comhaimseartha á chur i láthair ag Úna Mulally iriseoir an Sunday Tribune. |
|
| 00:15 | An Aimsir Láithreach Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta. |
|
| 00:20 | Scannán - Heaven’s Burning (1997) Is iad Russell Crowe, Youki Kudoh agus Kenji Isomura na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Craig Lahiff. Scéal é seo faoi fhear agus faoi bhean a thagann le chéile in am an ghátair. Téann siad ar a dteitheadh agus titeann siad i ngrá le chéile. |
|
| 02:10 | South Park (OS) Caithfidh na buachaillí fístéip 'The Lord of the Rings' a thabhairt ar ais go dtí an siopa físeáin. Tá tuismitheoirí Stan ag iarraidh breathnú ar fhíseán románsúil do dhaoine fásta ach measctar an dá téip. Idir eachtraí na bpáistí agus eachtraí na dtuismitheoirí tá rudaí aisteacha ag tarlú. |
|
| 02:40 | France 24 Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. |
|
| 05:58 | Deireadh Craolta / Closedown (TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext |
|