SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

AN tSEACHTAIN SEO - SPÓRT AR TG4

 
  Dé hAoine, 03.09.2010
20:30   Seó Spóirt
Ar an gclár anocht déanfaidh Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna anailís ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann.
  Dé Sathairn, 04.09.2010
09:10   World Sport
Seó spóirt seachtainiúil ina mbeidh buaicphointí agus aicsean ó chomórtais spóirt éagsúla chomh maith leis an nuacht spóirt is déanaí le profíl ar imreoirí agus ar bainisteoirí agus ina gcaithfear súil chun cinn ar chuid de na himeachtaí móra spóirt a bhíonn ar siúl ar fud an domhain.
09:40   GAA 2010
Buaicphointí CLG an deiridh seachtaine ó Chluichí Craoibhe Sinsir agus Mionúir na gCúigí sa Pheil, Cill Dara v An Dún sa cluiche leathcheannais sinsir agus Gaillimh v Corcaigh sa chluiche leathcheannais mionúir. Buaicphointí chomh maith na gcluichí leathcheannais sinsir agus idirmheánacha i gCraobh TG4 i bPeil na mBan.
10:40   All-Ireland Darts Championship
Buaicphointí Bhabhtaí Ceathrú Ceannais na bhFear i gCraobhchomórtas Dairteanna na hÉireann as Óstán Springhill Court i gCill Chainnigh.
11:10   Aussie Rules
Buaicphointí an 22ú babhta de Shraith Peile na hAstráile ina measc Adelaide Crows v St Kilda, Hawthorn v Collingwood, Geelong Cats v West Coast Eagles, Richmond v Port Adelaide, Fremantle v Carlton, Melbourne v North Melbourne, Brisbane Lions v Sydney Swans agus Western Bulldogs v Essendon.
12:10   Seó Spóirt
Déanfaidh Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna anailís ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann.
13:00   Peil na mBan Beo
Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais i gCraobh TG4 i bPeil na mBan: Dún na nGall v Longfort agus Ciarraí v Tír Eoghain as Baile Uí Mhatháin, Longfort. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain. Cé a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an 26ú Meán Fómhair?
15:45   Peil na mBan Beo
Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais i gCraobh TG4 i bPeil na mBan: An Cabhán v Port Láirge agus Baile Átha Cliath v Laois as Páirc a’Chuilinnigh i gCeatharlach. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain. Cé a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an 26ú Meán Fómhair?
17:00   Rugbaí Beo
Craoladh beo ar an gcluiche idir Connacht agus Newport Gwent Dragons sa chéad bhabhta de Shraith Magners ón Sportsground i nGaillimh. Is é Gearóid Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.
17:00   Rugba Beo
) Craoladh beo ar an gcluiche idir Connacht agus Newport Gwent Dragons sa chéad bhabhta de Shraith Magners ón Sportsground i nGaillimh. Is é Gearóid Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.
  Dé Domhnaigh, 05.09.2010
12:25   International Rules Gold
Seo do dheis an dara cluiche peile comhrialacha stairiúil idir Éire agus an Astráil a himríodh in Adelaide sa bhliain 1999 a fheiceáil. Bhí imreoirí den scoth mar Ja Fallon, John Mc Dermott, Anthony Tohill, Graham Geraghty, Michael Donnellan, Trevor Giles, Peter Canavan, Ciaran Whelan agus Brian Stynes ar an bhfoireann. D’éirigh le hÉire an chéad chluiche a bhuachtáil i Melbourne agus bhí súil ag gach duine go dtabharfaidís leo an cluiche seo chomh maith.
19:00   Cluiche Ceannais Iomána
Craoladh iarbheo den Chluiche Ceannais Iomána na bliana seo idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.
  Dé Luain, 06.09.2010
19:30   All-Ireland Darts Championship
Buaicphointí Bhabhtaí Leathcheannais na bhFear agus Chluichí Ceannais na nÓg i gCraobhchomórtas Dairteanna na hÉireann as Óstán Springhill Court i gCill Chainnigh.
20:00   GAA 2010
Buaicphointí CLG an deiridh seachtaine ina measc Cluichí Ceannais Iomána Sinsir agus Mionúir na hÉireann chomh maithe le Cluichí Leathcheannais Sinsir agus Sóisir i gCraobh TG4 i bPeil na mBan.
  Dé Máirt, 07.09.2010
11:00   Underdogs 2006 (OS)
Súil siar ar chuardach 2006 don fhoireann peile amaitéarach is fearr. Is foireann peile ban a bheidh á traenáil ag Brian Mullins, Seán Ó Domhnaill agus ag Geraldine Feerick. Caithfear foireann a chur le chéile atá díograiseach agus atá in ann seampíní peile na hÉireann a bhualadh. Éireoidh le cuid acu ach is ag na roghnóirí a bheidh an focal deireanach.
  Dé Céadaoin, 08.09.2010
11:00   Underdogs 2006 (OS)
Tá an fhoireann roghnaithe agus is anois a chuirfear tús leis an obair chrua. Tugann Brian Mullins, an bainisteoir, agus a chuid roghnaitheoirí Seán Ó Domhnaill agus Geraldine Feerick, an fhoireann chuig Coláiste Phádraig, Durlas do champa traenála.
23:35   All Ireland Gold
Seo do dheis Cluiche Leath-Cheannais Peile na hÉireann 2002 idir Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath a himríodh ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Bhí an bua ag Ard Mhacha leis an scór 1-14 agus Baile Átha Cliath 1-13.
  Déardaoin, 09.09.2010
11:00   Underdogs 2006 (OS)
Súil siar ar chuadach 2006 don fhoireann peile amaitéarach is fearr. Leanann na cailíní orthu ag traenáil i gColáiste Naomh Phádraig i nDurlas.
21:30   Laochra Gael – Na Comhlintí (OS)
Caithfear súil siar sa chlár seo ar an gcoimhlint ghéar a bhíodh idir Corcaigh agus Port Láirge sna blianta 2002 – 2007.
23:35   Aussie Rules
Buaicphointí ó na cluichí cáilithe i Sraith Peile na hAstráile. Tá an ocht fhoireann is fearr san iomaíochta d’áit sna cluichí leathcheannais agus sna cluichí ceannais.
 

Sport TG4

Divider

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER TG4 BEO PLAYER