
TÁ PONC ANSEO!!!
Is clár nua é PONC á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh. Beidh sraitheanna drámaíochta móra le rá á gcraoladh chomh maith le cláir réalaíocha agus spóirt. Ní rachaidh aon nuacht mhór i ngan fhios agus déanaigí cinnte go mbeidh sibh ar an eolas ó thaobh cúrsaí ceoil, scannáin, faisin agus spóirt de. Beidh mórchomórtais á reachtáil ar an gclár i rith na bliana agus beidh seans agaibh duaiseanna den scoth a bhuachan. Bígí ag faire amach!!
