



Tá Seó Spóirt ar ais faoi stiúir Dhara Uí Chinnéide. Beidh Seán Bán Breathnach (SBB) ina theannta gach seachtain i gCeannáras TG4 chomh maith le haíonna aitheanta chun dul i mbun anailíse.
Tabharfaidh Gemma Ní Chionnaith an nuacht spóirt is déanaí dúinn agus beidh sí i mbun agallamh le scoth na n-imreoirí agus na mbainisteoirí ar fud na tíre.
Don dara blian beidh comórtas "Thar an Trasnan" againn. An n-éiróidh le St. Pauls an comórtas a bhuacha arís i mbliana?
Bigí le Dara Ó Cinnéide láithreoir an irischlár seachtainiúil Seó Spóirt - TG4 gach Aoine ag 8.30p.m.
Seó Spóirt gach Aoine ar TG4 ag 8.30p.m


Caitheann Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna, John Allen agus Gearóid Mac Donncha súil chun cinn ar an tSraith Náisiúnta Peile agus Iomána agus an seans atá ag Éire chun an Choróin Thriarach a bhaint amach i mbliana ina gcluiche in aghaidh Albain.


