News | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Irish News

  • An Tánaiste Simon Coveney ag labhairt sa Dáil inniu
    19 SEPTEMBER 2019 : 12:08

    "Ní fíor go bhfuil dul chun cinn déanta" - Coveney

    Dúirt an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, nach bhfuil fírinne ar bith sa chaint go bhfuil iarrachtaí móra ar bun ag Rialtas na Breataine dul chun cinn a dhéanamh faoi imeacht na tíre sin as an Aontas Eorpach.

  • Clocha móra fágtha ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard
    19 SEPTEMBER 2019 : 13:37

    Clocha móra fágtha ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard

    Fágadh clocha móra ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard go moch ar maidin, mar a bhfuil aighneas faoina bhfuil i ndán don suíomh.

  • Fuadaíodh agus tugadh drochbhualadh do Kevin Lunney
    19 SEPTEMBER 2019 : 10:52

    Ionsaí ar Kevin Lunney cáinte ag Seán Quinn

    Tá an t-ionsaí a rinne fir a raibh mascanna orthu ar Kevin Lunney, stiúrthóir sa chomhlacht Quinn Industrial Holdings san oíche Dé Máirt cáinte ag an bhfear gnó Seán Quinn.

  • Cruinnithe ar bun faoi na léirsithe taobh amuigh de mhonarchana feola
    19 SEPTEMBER 2019 : 09:46

    Léirsiú fós ag monarcha feola ainneoin vóta ina aghaidh

    Vótáil feirmeoirí a bhí ag léirisú ag monarcha próiseála feola i gCo Phort Láirge i bhfabhar deireadh a chur lena n-agóid ach tá cuid acu fós i mbun picéid ann.

  • Criú an PB4Y-1 Liberator (Pic: Le caoinchead Marian Nee)
    19 SEPTEMBER 2019 : 14:33

    Leacht nochta i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Mheiriceá

    Ar an Chlochán i gCo na Gaillimhe inniu, nochtadh leacht i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá a tháinig i dtír sa cheantar i rith an Dara Cogadh Domhanda.

  • Brendan Kilduf
    19 SEPTEMBER 2019 : 09:45

    Fear a gabhadh faoi mharú Brendan Kilduff scaoilte saor

    Tá an fear os cionn ceithre scór a bhí á cheistiú faoi bhás fir in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais i gCo Mhaigh Eo arú aréir scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

  • Kevin Lunney
    18 SEPTEMBER 2019 : 18:08

    Ionsaí ar an bhfear gnó Kevin Lunney cáinte ag Flanagan

    Ionsaí gránna, mailíseach a thug an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan ar an drochbhualadh a tugadh don fhear gnó Kevin Lunney a fuadaíodh i gCo Fhear Manach agus a fuarthas gortaithe i gCo an Chabháin aréir.

  • Fear maraithe tar éis eachtra lámhaigh in Achadh Mór, Co Mhaigh Eo
    18 SEPTEMBER 2019 : 11:02

    Fear maraithe tar éis eachtra lámhaigh i Maigh Eo

    Lámhachadh agus maraíodh fear os cionn seasca bliain d'aois in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais, Co Mhaigh Eo, go gairid roimh mheánoíche aréir.

  • Óstán an Connemara Gateway, Uachtar Ard
    18 SEPTEMBER 2019 : 11:09

    Kyne cáinteach faoin gcaoi a mbunaítear ionaid do theifigh

    Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit Seán Kyne, nach bhfuil an próiseas atá ann faoi láthair chun ionaid sholáthair dhírigh a bhunú ceart ná cothrom ach go bhfuil dualgas ar an Stát áit a chur ar fáil do theifigh ina dhiaidh sin féin.

  • Seoladh an chéim in Institiúid Oideachais Marino
    18 SEPTEMBER 2019 : 18:14

    Tús le céim nua san oideachas trí mheán na Gaeilge

    Chuir an chéad bhuíon scoláirí tús le céim nua - Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge - in Institiúid Oideachais Marino ar maidin. Ábhair múinteoirí bunscoile atá sna mic léinn óga.

  • Feirmeoirí mairteola i mbun picéid
    18 SEPTEMBER 2019 : 17:00

    Deireadh le hagóidíocht ag monarcha feola i gCo na Mí

    Tá deireadh curtha lena gcuid agóidíochta ag feirmeoirí a bhí ag léirsiú faoi phraghas na mairteola taobh amuigh de mhonarcha Dawn Foods i mBaile Shláine, Co na Mí.

  • Clár imeachtaí Ghaillimh 2020 seolta
    18 SEPTEMBER 2019 : 18:17

    Clár imeachtaí na féile cultúir Gaillimh 2020 seolta

    Seoladh clár imeachtaí na féile cultúir Gaillimh 2020 ar an bhFaiche Mhór sa chathair tráthnóna. Beidh Gaillimh ina phríomhchathair chultúir na hEorpa ar feadh na bliana.

  • Slua bailithe ag an gcúirt i nDoire inniu
    18 SEPTEMBER 2019 : 11:48

    Cás an pharatrúipéara "Saighdiúir F" curtha siar

    Tá an cás a bhaineann leis an bhfear a dtugtar Saighdiúir F air - iarshaighdiúir in Arm na Breataine atá cúisithe i mbeirt a dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola sa bhliain 1972 - curtha siar go dtí mí na Nollag.

  • Imní nach mbeidh mairteoil ar fáil i mbialanna de bharr aignis
    18 SEPTEMBER 2019 : 11:03

    Imní nach mbeidh mairteoil ar fáil i mbialanna

    Deir bialanna nach mbeidh mairteoil ar an mbiachlár acu ón tseachtain seo chugainn amach mura gcuirfear deireadh leis na léirsithe taobh amuigh de mhonarchana próiseála feola.

  • Jean-Claude Juncker
    18 SEPTEMBER 2019 : 16:47

    Juncker éadóchasach faoi mhargadh leis an mBreatain

    Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker, a bhfuil deireadh ag teacht lena théarma oifige, le feisirí Eorpacha i Strasbourg gur cosúil anois go bhfuil baol mór ann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan aon socrú.

  • Simon Coveney agus Michel Barnier
    17 SEPTEMBER 2019 : 17:32

    "Comhrá fada" ag Coveney le Michel Barnier

    Dúirt an Tanáiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ag cruinniú an Rialtais inniu go raibh comhrá fada aige inné le príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir le himeacht na Breataine as an Aontas, Michel Barnier.

  • Maoiniú d'fhoilseacháin Ghaeilge go dtí deireadh 2020
    17 SEPTEMBER 2019 : 17:27

    Maoiniú d'fhoilseacháin Ghaeilge go dtí deireadh 2020

    D'fhógair Foras na Gaeilge tráthnóna go bhfuil €500,000 ceadaithe acu do na meáin Ghaeilge go dtí deireadh na bliana seo chugainn, 2020.

  • Suíomh an iaróstáin in Uachtar Ard
    17 SEPTEMBER 2019 : 18:16

    Fear san ospidéal de bharr eachtra in Uachtar Ard

    Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi eachtra bóthair a tharla in aice le hagóid atá ar bun in éadan ionad do theifigh ar láthair iaróstáin  in Uachtar Ard, Co na Gaillimhe.

  • An Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta i mBaile an Treathain, Co Cheatharlach
    17 SEPTEMBER 2019 : 15:13

    Aghaidh tugtha ag feirmeoirí ar oifigigh ó Bhord Bhia

    B'éigean slándáil bhreise a chur i bhfeidhm ag an seastán atá ag Bord Bia ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta inniu nuair a thug grúpa feirimeoirí ansin aghaidh ar oifigigh ón áisíneacht.

  • Feirmeoirí i mbun picéid ag monarcha feola
    17 SEPTEMBER 2019 : 10:58

    355 oibrí ligthe chun siúil go sealadach i monarcha feola

    Tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht feola ABP go bhfuil 355 oibrí ligthe chun bealaigh go sealadach acu as a monarcha sa Chathair i gCo Thiobraid Árann i bhfianaise an aighnis sa tionscal mairteola.

  • An Seanadóir Rónán Mullen
    17 SEPTEMBER 2019 : 13:40

    Reachtaíocht faoi thuarastail in RTÉ le plé sa Seanad

    Tá sé i gceist ag an Seanadóir Neamhspleách Rónán Mullen reachtaíocht a chur faoi bhráid an tSeanaid an Fómhar seo ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis na tuarastal ard a fhaigheann cuid de chraoltóirí RTÉ.

  • Saoirse Smyth
    17 SEPTEMBER 2019 : 11:08

    Cuardach ar thaisí Shaoirse Smyth in Ó Méith arís inniu

    Tá na Gardaí agus póilíní ón Tuaisceart i mbun cuardaigh arís inniu i gceantar foraoise in Ó Méith i gCo Lú mar chuid dá bhfiosrúchán faoi dhúnmharú Shaoirse Smyth as Béal Feirste.

  • Teach anraith i mBaile Átha Cliath
    17 SEPTEMBER 2019 : 14:15

    Aip nua chun cuidiú le daoine obair dheonach a dhéanamh

    Tá aip nua seolta chun cabhrú le daoine cur isteach ar obair dheonach a dhéanamh in eagraíochtaí carthanachta na tíre.

  • 17 SEPTEMBER 2019 : 16:32

    "Níl ciall ná réasún le hordú" - Apple

    Tá sé ráite ag an gcomhlacht Apple leis an dara cúirt is airde san Aontas Eorpach nach bhfuil ciall ná réasún leis an ordú atá tugtha ag an Aontas don chomhlacht €13 billiún a dhíol ar ais i gcáin le hÉirinn.

  • Soláthraí: Nuacht RTÉ/TG4

Advertisement