Bailte | Bailte Fearainn | Sraith Faisnéis | Síle Nic Chonaonaigh | TG4 Skip to main content
Menu

Bailte

     

Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt ar bhailte fearainn ar fud na hÉireann

Bailte

Tá breis is seasca míle baile fearainn in Éirinn agus is é an baile an t-aonad riaracháin is lú agus is buaine againn.

Is sa bhaile fearainn is mó is léir mórtas áite – an pobal beag de shíor ag sárú agus ag cocaíocht leis an mbaile béal dorais. Sa tsraith trí chlár déag díreofar ar bhaile fearainn amháin i ngach clár. Caithfidh Síle Nic Chonaonaigh seal i measc mhuintir an bhaile fearainn agus cuirfidh eolas agus aithne ar phearsana agus ar thréithe gach bail ar leith.

Tabharfaidh Síle faoi aistear fuinniúil ó cheann ceann na tíre chun ár gcuid bailte fearainn a cheiliúradh agus léargas a fháil ar na pobail a mhaireann iontu, an cultúr as ar fáisceadh iad, na slite beatha a chothaíonn iad, agus an tírdhreach a mhúnlaíonn iad.

 

Físeáin ar Fáil