Beidh Aonach Amárach | Aonaigh Talmhaíochta | Sraith Faisnéis | TG4 Skip to main content
Menu

Beidh Aonach Amárach

Déar
9.30pm
Luan
5.30pm
     

Ar Thaispeántas Talmhaíochta Ghleann Chlochair i gCo Thír Eoghain a bheimid an tseachtain seo
Déardaoin @ 9.30pm

Beidh Aonach Amárach

Beidh spórt agus spraoi, caint agus cuideachta, teannas agus trófaithe ann nuair a bhuailfimid bóthar le lucht na dtaispeántas feirme ar ‘BEIDH AONACH AMÁRACH.’

Sraith sé chlár leathuair an chloig í BEIDH AONACH AMÁRACH a thabharfaidh léargas ar an domhan spéisiúil seo. Bíonn 140 seó nó taispeántas feirme ar siúl sa tír gach bliain a tharraingíonn na sluaite, idir lucht féachana agus iomaitheoirí. Bíonn na hiomaitheoirí ag réiteach ar feadh roinnt mhaith míonna roimh an am – ag traenáil, ag bearradh, ag sciúradh, ag péinteáil, ag cniotáil, ag bácáil agus ag réiteach a gcuid ainmhithe luachmhara don lá mór.

Chaith ár gcriú teilifíse agus ár gceamaraí am in éineacht leo i gcaitheamh na bliana, ar a gcuid feirmeacha agus ina gcuid tithe. Seo iad na daoine a bheidh in iomaíocht do na príomhdhuaiseanna agus a chaitheann dua leis an obair – is cuma mura bhfuil acu ach pocaide gabhair – beidh siad i lár an aonaigh!

Ach bíonn níos mó ná iomaíocht ghéar i gceist. Bíonn slua mór taobh thiar den obair a dhéantar – idir mhaoir, mholtóirí, choistí deonacha agus slua cúntóirí i ngach baile a mbíonn taispeántas ann. Bíonn spraoi ag daoine, cinnte- ach bíonn obair mhór ar siúl taobh thiar de na seastáin tharraingteacha. Agus ní haon jab éasca é an buaiteoir a roghnú as ainmhithe den chéad ghrád. Bíonn tóir mhór ar an ribín dearg sin!

Sa tsraith seo tabharfar léargas ar thaispeántais den uile chineál- na cinn is mó – Balmoral agus Tulach Mhór; na cinn is gleoite –Seó Talmhaíochta Chiarraí Thiar agus Gleann Cholm Chille agus na cinn thraidisiúnta – Gleann Fhinne agus Gleann Clochar. Beidh daoine ag glacadh páirte iontu agus daoine eile ag baint sult astu, agus iad ag taisteal chucu ó cheann ceann na tíre. Bíonn go leor ag brath ar an ribín dearg sin agus bítear an-dáiríre faoi.

 


 

Clár 2: Clogher Valley – Déardaoin @ 9.30pm
Ar Thaispeántas Talmhaíochta Ghleann Chlochair i gCo Thír Eoghain a bheimid an tseachtain seo. Beidh Proinsias Ó Donnghaile as Achar ann lena sheantarracóir; beidh Seán McGovern agus a cheathrar iníon ag súil leis an duais mhór a thabhairt leo ar a gcuid eallach agus i gcomórtais na gcapall beidh Dianne Crean as Ciarraí agus Tom Mac Lochlainn as Co. na Gaillimhe ag moltóireacht. Ag coinneáil súil ghéar ar na himeachtaí ar fad, beidh an rúnaí Ruth Peters agus tá súil le aoi speisialta – Dame Mary Peters.

 

Físeáin ar Fáil