Blasta | Clár Oidhreacht Bia na hÉireann | Cartlann Oidis Bia Gaelach | TG4 Skip to main content
Menu

Blasta

Blasta

Rachaidh an staraí bia, Máirtín Mac Con Iomaire, ar fud na tíre chun oidhreacht bia na hÉireann a fhiosrú agus chun eolas a chur ar oidis, airnéisí agus leabhair chócaireachta na ndaoine. Is ó chultúir eile a thagann go leor de na hoidis is mó a úsáidtear in Éirinn an lae inniu agus faraor is gearr go mbeidh dearmad déanta ar sheanoidis sin againn féin. Cén chaoi ar féidir linn na hoidis thraidisiúnta sin a chaomhnú agus iad a thabhairt ar ais arís? Déanfar oidis na ndaoine a fhoinsiú ar líne ar dtús agus cuirfidh triúr a gcuid oideas baile féin os comhair an phobail i ngach clár.
 
 


 
 
Feachtas é Blasta chun cartlann a dhéanamh d’oidis agus d’airnéisí bia atá i dtaisce ag teaghlaigh agus pobail ar fud na hÉireann a thugann léargas ar stair an oileáin le 150 bliain.
 
An aidhm atá leis an tionscadal oidhreacht bia na tíre, atá tagtha anuas ó ghlúin go glúin nó le gairid a chruinniú a thugann léiriú ar ghnéithe éagsúla de stair, cultúr agus eispéireas na hÉireann.
 
I gcomhar le TG4, Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, fiosróidh an tionscadal ar leith seo na scéalta, an stair agus an béaloideas a bhaineann le hoidis bhaile agus airnéisí bia atá ag an bpobal ach tá do chúnamhsa uainn!
 
Cibé an oideas ar leith ó do sheanmháthair é le toirtín úll a dhéanamh nó seanleabhar Eacnamaíochta Baile, maistrigh nó seanspúnóg adhmaid ar baineadh an-úsáid aisti agus a bhfuil scéal ag baint leis, iarrtar ar dhaoine a bheith páirteach chun léargas ar leith a thabhairt ar stair agus ar bhéaloideas bia na hÉireann mar is léir dóibhsean é.
 
 

Le haghaidh tuilleadh eolas nó chun do chuid ábhair fhéin a chuir leis an tionscadal seo, téigh chuig www.blasta.ie

 

Físeáin ar Fáil