Féile na Meán Ceilteach 2019 | Críocha Ceilteacha | Féile Idirnáisiúnta | TG4 Skip to main content
Menu

Celtic Media Festival 2019

     

6 saothar le TG4 gearrliostaithe do
Fhéile na Meán Cheilteach 2019,
atá ar siúl in Aviemore san Albain
ón 4ú – 6ú Meitheamh

Son of Kerry, Son of Sam

Clár faisnéise faoi David Berkowitz nó ‘Son of Sam’, dúnmharfóir srathach a rinne sléacht i Nua-Eabhrac i lár na 1970idí. I mBá Pelham, Nua-Eabhrac i 1976 a mharaigh sé an chéad duine agus sa trí mhí dhéag ina dhiaidh chuir sé uafás agus faitíos ar chathair Nua-Eabhrac. Tabharfaidh an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh aghaidh ar Nua-Eabhrac le heolas a chur ar an gcás agus fiosróidh sé mar a cuireadh an Ciarraíoch Timothy J. Dowd, Leas-Chigire san NYPD, i mbun an fhiosrúcháin ba mhó riamh i stair na cathrach. Léiriú le IWR Media Ltd.
 

Tír Eoghain: The Unbreakable Bond

Clár faoin bhfoireann mionúr ab fhearr riamh i stair an spóirt – foireann mionúr Thír Eoghain 1997/1998. Tabharfar léargas ar thaithí phearsanta agus ar mhothúchán imreoirí na foirne ar leith seo agus mar a bhuaigh siad Craobh na hÉireann Faoi 21 faoi dhó agus Craobh Sinsear na hÉireann in 2003 faoi stiúir a mbainisteora, Mickey Harte. Tugtar léargas freisin sa chlár ar an tionchar a bhí ag tubaistí éagsúla ar an ngrúpa fear óg seo agus mar a fuair siad an ceann is fearr ar an saol nuair a chuaigh cúrsaí ina gcoinne. Léiriú le EMM Productions.
 

Taithí Gan Teorainn

Sa tsraith nua seo tabharfaidh cócairí, feirmeoirí agus lucht faisin as Éirinn a n-aghaidh thar lear le dul i mbun oibre ina dtionscal féin i gcuid de na tíortha is boichte ar fud an domhain. Ochtar daoine óga as Éirinn a bheidh faoi thrácht agus mairfidh siad agus oibreoidh siad mar a mhaireann agus a oibríonn daoine san India, sa Chambóid, sa Chéinia agus sa Chirgeastáin. Dúshlán intinne agus fisiciúil a bheidh ann dóibh agus meas tú an seasfaidh siad Taithí gan Teorainn? Léiriú le Loosehorse Ltd.
 

Anseo I Lár an Ghleanna

Tugann an saothar nuálach seo léargas dúinn ar mheath ceantair in imeacht bliana agus ar iarrachtaí misniúla an phobail an fód a sheasamh ainneoin neamhshuim na n-údarás agus fórsaí cumhachtacha eacnamaíocha atá ag treisiú na himirce. Seo bliain i Loch Con Aortha, ceantar iargúlta in Iorras Aithneach in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Níl aon tionscal ann a ghinfidh an fhostaíocht is gá le daoine óga agus teaghlaigh a chothú agus a choinneáil sa mbaile seachas dul ar imirce go Baile Átha Cliath nó thar sáile ar fad. Ach dá bhaolaí an easpa fostaíochta, is measa fós an easpa mhisnigh. Léiriú le Mordán Teo.
 

Lomax in Éirinn

Ba é mian Alan Lomax ceol an domhain a thaifeadadh agus a chaomhnú. I 1951 a thosaigh sé ar an taifeadadh sin in Éirinn. Nochtfar scéal an turais sin agus mar a taifeadadh an chéad albam de cheol na hÉireann dá bharr sa chlár seo. Beidh ceol ar an gclár le Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, The Tulla Céilí Band agus Nell Ní Chróinín. Á chur i láthair ag Pól Brennan ón mbanna ceoil Clannad. Léiriú le Aisling Productions.
 
 

Iomramh an Chamino

Turas farraige 2,500 ciliméadar ó Éirinn go Santiago de Compostela, a tharla i dtréimhsí 6 seachtaine thar 3 bliana, 2014, 2015, agus 2016. San áireamh i gcriú IOMRAMH AN CHAMINO tá Scríbhneoir, beirt Cheoltóirí, Ealaíontóir, agus Saor Cloiche, a thugann faoi Chamino an tsáile i mbád traidisiúnta a thóg siad féin. Léiriú le Anú Pictures.
 
 

 
Tuilleadh eolas ar fáil ag http://www.celticmediafestival.co.uk/

Físeáin ar Fáil