Skip to main content
Menu

EIPIC

Mona

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Ainm: Mona

Aois: 16

Cé gur bláithín leochaileach í Mona, is sár-cheoltóir í freisin. Níl sí ag braith ar an gcomórtas seo don cháil ná don kudos. Tá a croí go fírinneach ins an gceol agus…bhuel, tá a croí i Sully freisin. Tá sí ag caitheamh súil air le tamall anuas. Ach dá mhéid cumas atá ag Mona, tá sí dhá oiread sin cúthaileach. Le gach aon fhíseán atá curtha ina airde aici, clúdaíonn sí a h-éadan. Ach cén fáth an náire ar fad? Seans go bhfuil baint éigint aige lena máthair Clare. Bhí Mona aici nuair a bhí sí ar chomh-aois lena h-iníon. Agus ó thaobh na h-aibíochta dhe, d’fhan sí ag an aois sin. Máthair ghlúin X gan náire í a chreideann go bhfuil sí in ann dúidín a chaitheamh lena h-iníon. Agus, gan dabht, cuireann an iompar seo déistin ar Mhona…

Físeáin ar Fáil