Hollywood in Éirinn | Sraith Faisnéise Siamsaíochta | TG4 Skip to main content
Menu

Hollywood in Éirinn

Déar
9.30pm
     

Déardaoin @ 9.30pm

Sraith a chaitheann súil ar an tionchar a d’imir léiriú mór-scannáin ar an bpobal áitiúil in Éirinn inar tharla an scannánú ar an láthair.  Tugann muid cuairt ar na gceantair le cuimhní na ndaoine a chloisteáil ar an bhfuadar a bhain leis an léiriú, an fhostaíocht a gineadh go háitiúil, an leas eacnamaíoch a rinne sin ag an am, na fadhbanna a tháinig chun solais  agus an oidhreacht thurasóireachta a d’fhág an scannán le uachta go háitiúil, má d’fhág.

Sna blianta a caitheadh agus go fiú sa lá atá inniu ann, is mór-ócáid d’aon bhaile beag nó ceantar tuaithe in Éirinn go roghnódh léiritheoir mór as Hollywood é mar láthair dá scannán.  Tá airgead mór i gceist agus deis shuntasach ar fhostaíocht ag muintir na háite, bíodh sin ag soláthar seirbhísí don fhoireann léiriúcháin nó mar aisteoirí breise sa gcúlráid i gcuid de na radharcanna.
 

Físeáin ar Fáil