Iomramh an Chamino | Naomhóg | Bád | Camino | TG4 | Skip to main content
Menu

Iomramh an Chamino

     

Turas farraige 2,500 ciliméadar ó Éirinn go Santiago de Compostela,
a tharla i dtréimhsí 6 seachtaine thar 3 bliana, 2014, 2015, agus 2016

Iomramh an Chamino

 
Is iomaí cuntas atá i luathstair agus miotaseolaíocht na hÉireann maidir le turais éachtacha trasna na farraige. Faoi anáil inspioráide na gcuntas sin, thug Domhnall Mac Síthigh, scríbhneoir agus file, agus a chriú faoi thuras 500 ciliméadar chuig Mainistir Naomh Colm Cille in Oileán Í na hAlban, sa bhliain 2012.
Agus sa bhliain 2014, chrom siad ar thuras mara nua dásachtach a phleanáil – agus is ag an bpointe seo a thosnaíonn ár scannán faisnéise leo: turas farraige 2,500 ciliméadar ó Éirinn go Santiago de Compostela, a tharla i dtréimhsí 6 seachtaine thar 3 bliana, 2014, 2015, agus 2016.
Ar feadh na gcéadta bliain sheol daoine ó Éirinn go dtí A Coruña i dTuaisceart na Spáinne, nó gur shiúil siad an camino as sin ar aghaidh go Santiago de Compostela. Sa bhliain 2014, thosaigh criú misniúil ar a leagan féin den turas stairiúil seo i Naomhóg, bád traidisiúnta a bhí lámhdhéanta acu féin.
Ag teacht i dtír i mbailte agus sráidbhailte cois cósta ar an mbealach – ag campáil agus ag cócaireacht nuair ba ghá – d’éirigh an criú ildánach seo cairdiúil le mórán daoine, agus b’ábhar iontais dóibh sin an bád seo a raibh an chosúlacht air gur díreach as na meánaoiseanna a tháinig sé.
Chuaigh radharc an bháid bhig seo agus an fharraige mhór mar chúlra taibhseach aige i gcion ar shamhlaíocht na ndaoine ó thús go deireadh an aistir.
D’oscail gach pobal ar bhuail siad leo ar an mbealach a ndoirse agus a gcroíthe don chriú seo, agus lena misneach agus a ndiongbháilteacht intuigthe ag cách, roinn siadsan a scéalta, a gceol, a ndánta agus a gcuid amhrán go fial i ndlúthchaidreamh den chineál is bunúsaí agus is ársa.
Rianaíonn an scannán faisnéise dlúthphearsanta seo cora casta turais farraige, ar theastaigh, i bhfocail Dhomhnaill Mhic Shíthigh, “allas, fuil, agus balscóidí lena chur i gcrích, ach a neartaigh agus a d’athnuaigh cairdeas le daoine ar feadh an ama, agus cruthaitheacht agus spioradáltacht chomh maith céanna”.
San áireamh i gcriú IOMRAMH AN CHAMINO tá Scríbhneoir, beirt Cheoltóirí, Ealaíontóir, agus Saor Cloiche, a thugann faoi Chamino an tsáile i mbád traidisiúnta a thóg siad féin.

Rannpháirteach:
Glen Hansard, Ceoltóir a bhfuil Duais de chuid an Acadaimh buaite aige
Breandán Ó Beaglaoich, Ceoltóir Gaelach iomráiteach
Liam Holden, Ealaíontóir clúiteach
Breandán Ó Muircheartaigh, Saor Cloiche cumasach
Domhnall Mac Síthigh (1951-2017), Scríbhneoir agus File mór le rá
Stiúrthóir: Dónal Ó Céilleachair
 

Físeáin ar Fáil