Laochra Gael | Sports Programme | GAA Legends | Irish Sport | TG4 Skip to main content
Menu

Laochra Gael

     

Laochra Gael – Sraith 17

Filleann an tsraith shuntasach Laochra Gael san Earrach. Leanann sé leis an leagan amach nua ó anuraidh le formaid uair a’ chloig. Is fíor-laochra iad uilig agus a gcáil imithe rompu. Sa tsraith seo, áfach, gheobhfar léargas iomlán agus pearsanta orthu agus faoina ngaol lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. Scéalta pearsanta atá iontu a mheallfaidh an lucht féachana ar thuras nua leis na laochra.


Colm Cooper – Gooch
An brú, an briseadh croí is an lúcháir. An scéal taobh thiar de na boinn go léir ag Colm Cooper, talainn ar leith a chuaigh i gcoinne an comhaontú gur chluiche d’fhir mhóra é an pheil. Téann an eagrán seo do Laochra Gael taobh thiar den 5 bhonn Chraobh na hÉireann agus 8 nGradam All Star. Siar go bunús an talainn eisceachtúl i ghnáth eastát tithíochta i gCill Áirne. Déanann an chlár iniúchadh freisin ar an bpian pearsanta i bhfad ón páirc peile sna blianta tar éis bás a athair, agus déanann sé plé ar an chonspóid faoin ócóid ómóis nuair a d’éirigh Cooper as an imirt.

Jackie Tyrrell – An Aistear
Athnaíodh Jackie i measc na cosainteoirí is fearr riamh sa tír. Ach ar feadh tréimhse fada bhí easpa féin-mhuinín ag cur isteach go mór ar Jackie ina shaol pearsanta agus ina shaol iománaíochta. Déanann an chlár seo iniúchadh ar an fhadhb seo a bhí aige agus é ina mháistir ar an pháirc. Beidh le feiscint chonas a thárla athrú ar Tyrrell nuair a bhuail sé le fear a d’athraigh go hiomlán a dhearca ar an saol. Léiríonn an chláir aistear Jackie Tyrrell ó easpa féin-mhuinín go chosainteoir gan bualadh agus mórphearsa faisean.

Seamus Darby – An Fear a Scóráil an Cúl
Seamus Darby, an fear a scóráil an cúl is cáiliúla riamh sa Chumann Lúthchleas Gael. Tá fhios ag gach duine faoi na heachtraí ar an pháirc ag deireadh Cluiche Ceannais na hÉireann 1982, agus an críoch spleodrach a chur deireadh leis an “5-in-a-row” do Chiarraí. Deánfaidh an chlár seo iniúchadh ar scéal Darby go dtí’n pointe sin. Cén fáth gurb Darby an fear a tháinig isteach le cúpla nóiméad le dul? Déanfar léiriú freisin ar an saol a bhí ag Darby i ndiaidh an bua cáiliúil sin, agus na deacrachtaí a bhí aige ina shaol ó shin.

Rena Buckley – An Duine is Fearr ar Domhain?
Scéal ceannródaí spóirt do mhná, Rena Buckley. Bhris Rena cuid do na curiarrachtaí is mó sa CLG. Bhuaigh sí 18 Craobh na Éireann idir camógaíocht agus Peil na mBan, níos mó ná aon imreor eile sa tír idir fir agus mná. Bhuaigh sí 10 Gradam All Star agus nuair a d’árdaigh sí Corn Brendan Martin sa bhliain 2017, ba í an chéad imreoir chun Craobh na hÉireann a bhuachaint mar chaptaen sa dá chód. Seo scéal gnáth chailín ó Inis Cara a d’athraigh an tírdhreach spóirt do mhná sa tír seo, agus atá tar éis inspioráid a thabhairt do ghliúin nua chailíní. Ach níorbh éasca an turas ó Inis cara go Páirc an Chrócaigh.

Kieran Duff – Ná Tabhair Breith Orm
Kieran Duff, fear a bhí ina mhuirnín do Cnoc 16 ach a bhí i lár an chonspóid go minic. Bhí sé ina imreoir lárnach do na Dubs sna 1980aí, ach bhí ainm aige lasmuigh d’Áth Cliath mar imreoir crua, salach fiú. Chuir cluiche ceannais na hÉireann 1983 go mór leis an íomhá seo. Ach an an raibh an cháil sin tuilte aige? Cén éifeacht pearsanta a bhí ag an cháil sin? An bhfuil níos mó sa scéal seo ná mar atá le feiceáil? Tá aistear fíor-phearsanta sa chlár seo le duine do laochra móra Átha Cliath.

Andrew O’Shaughnessy – An Mórphictúir
Ba é Andrew O’Shaughnessy an imreoir óg is mó I mbéal an phobal ag casadh na mílaoise. Faraor tháinig deireadh lena shaol imeartha le Luimneach ag aois 24. Faoin am sin bhí an diagnóis scléaróis iolrach faighte ag Andrew, agus a shaol iomlán iompaithe bun os cionn. Féachann an chlár seo siar ar a éachtanna ar an pháirc imeartha, an rath faoi Richie Bennis, an chonspóid faoi Justin McCarthy, agus ar a saol ó fuair sé an drochscéal.

Físeáin ar Fáil