Mary from Dungloe 2019 | Siamsaíocht TG4 | Ceol | Daniel O'Donnell | Dún na nGall Skip to main content
Menu

Mary from Dungloe 2019

     

Clár ina mbeidh cailíní in iomaíocht leis an gcoróin agus
an gradam ‘Mary from Dungloe 2019’ a thabhairt leo.
Á chur i láthair ag Daniel O’Donnell agus Caitlín Nic Aoidh

Mary from Dungloe 2019

 
Clár speisialta beo á chur i láthair ag Daniel O’Donnell agus Caitlín Nic Aoidh ina mbeidh cailíní ó cheann ceann na tíre agus ó gach cearn den domhan in iomaíocht leis an gcoróin agus an gradam ‘Mary from Dungloe 2019’ a thabhairt leo.

Beidh TG4 ag craoladh beo ó Cheabairé Bhuaiteoir ‘Mary from Dungloe’ Dé Domhnaigh, an 4 Lúnasa ón 8.30pm. Déanfar sruthú teilifíse ar an ócáid chomh maith ar Sheinnteoir TG4 agus beifear ábalta féachaint air ar fud an domhain.

Beidh Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Mary from Dungloe, atá 52 bliain ar an bhfód i mbliana, ar siúl ó Dé Sathairn an 27 Iúil go dtí Dé Luain an 5 Lúnasa. Beidh searmanas Ceabairé an Bhuaiteora ar bun ar an oíche roimh oíche deiridh na féile, agus beidh ceathrar déag iomaitheoirí – ar a dtugtar ‘Mary’ – ón mbaile agus ó thar lear, ag glacadh páirte. An ceoltóir mór le rá as an gceantar agus a bhfuil clú idirnáisiúnta air, Daniel O’Donnell, a chuirfidh an clár i láthair. Déanfaidh sé píosa beag cainte le gach Mary. Beidh pobail eisimirceach na hÉireann, Diaspóra Dhún na nGall agus muintir na hÉireann san iomaíocht chun an coróin a thabhairt leo agus cuirfidh cuid acu a gcuid tallainne agus a gcuid cleas os comhair an tslua. Ar deireadh, is é an duine is mó a léiríonn spiorad na féile a thabharfaidh ‘Mary from Dungloe’ 2019 abhaile léi.

Beimid ag súil go mór le Ceabairé an Bhuaiteora ar féidir linn ar fad breathnú air agus chomh maith le tvuíteáil beo oifigiúil na hócáide, beidh an lucht féachana in ann tacaíocht a thabhairt do na hiomaitheoirí is fearr leo agus a gcuid smaointe a roinnt faoin duine is dóigh leo féin a chóir an comórtas a bhuachan is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad via twitter, instagram, facebook agus snapchat ag úsáid cainéil meán sóisialta MFDIAF agus ag úsáid na haischlibe #MFD52

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: www.maryfromdungloe.ie

Físeáin ar Fáil