Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 23 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 235

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 23

    Lá Báistí

    Tá sé ag báisteach agus caithfidh Rita agus Crogall fanacht taobh istigh. Ach céard a dhéanfaidh siad?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 24

    Cróice

    Taispeánfaidh Rita do Chrogall le cróice a imirt. Ach ní maith léi go bhfuil Crogall níos fearr aige ná mar atá sise!

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 15

    An Binse Cairdis

    Tá díomá ar Icklewoo nach raibh sí in ann dul chuig cóisir Wingston. Airíonn sí go bhfuil sí ag cailleadh amach ar na cluichí ar fad anois.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 16

    Nuacht an Lae

    Níl aon scéal iontach ag Wufflebump do Bhean Grinzzlesniff tar éis an deireadh seachtaine.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 10

    Ceist an dá Bhaile

    Níl a fhios ag Peg ná ag Cat le bronntanas a dhéanamh do Shéamus dá sheomra mar go bhfuil sé ag cur faoi in dhá áit!

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 20

    Ceolchoirm do Chriostal agus Rí: Cuid a 2

    Eagraíonn Criostal agus an Rí ceolchoirm chun aird a tharraingt ar an ró-iascaireacht atá ar bun sa Linn Mhór.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 8

    Turas Farraige

    Rachaidh Olly, Stan agus Bazza ar bhád in éineacht lena gcara nua, an Captaen Bairneach.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 8

    Damhsa an tSneachta

    Ba mhaith le Ruadhán an Rón a bheith in ann damhsa ach níl cos ar bith air. An mbeidh Wissper in ann cúnamh a thabhairt dó?

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 30

    Lá Aisteach

    Tá Matt sáinnithe ar an díon agus tá Mo i bhfostú i gcrann.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 8

    Fail ar Isabel

    An mbeidh Phoebe in ann cúnamh a thabhairt fail Isabel a leigheas sula dtagann Dinger?

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 8

    Foghlaimíonn Zou le Snámh

    Foghlaimeoidh Zou le snámh.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 8

    Ag Iascaireacht

    Tá an Béar ag iarraidh a bheith ag iascaireacht ach tá Masha ag iarraidh a bheith ag spraoi.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 28

    Tarraingíonn Loopdidoo a Mheáchan

    Bíonn deacrachtaí ag Loopdidoo mála scoile agus leabhair Phetunia a iompar agus téann sé ag lorg cúnaimh.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 30

    Féileacán

    Aimsíonn Scratch bolb sa ngarraí.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Go Síoraí ag Sraoth

    Tá Nic agus Sailí ag imirt folach bíog ach is furasta Nic a aimsiú mar go bhfuil sé ag sraothartach!

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    An Fathach

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gcathair na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun cluas a thabhairt do scéal faoi fhathach. Déanfaidh Úna agus na daltaí fathaigh dá gcuid féin agus úsáidfidh siad liathróidí ióga le héadain na bhfathach a dhéanamh.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Ní bhíonn aon rogha ag an gcigire Leanne ach cuairt a thabhairt ar sheanbhean nach bhfuil in ann aire a thabhairt dá cuid peataí.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 7

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 8

    The Aftermath

    Tá eisreachtaithe tagtha go Walnut Grove agus iad ag iarraidh an dallach dubh a chur ar mhuintir na háite. Ní bhíonn sé i bhfad áfach go dtagann buíon chun na deartháireacha a ghabháil ach nach hí Mary a ghabhann siad.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 2

    Camembert and the Normandy Cheeses

    Sa Normainn a bheidh Will agus a iníon ar chlár an lae inniu. Gheobhaidh sé amach faoi na dúshláin mhóra atá roimh tháirgeoirí cáise a úsáideann bainne amh sa Normainn. Bainfidh Will agus Ellie triail as Camembert na Normainne agus tabharfaidh siad cuairt ar an aon táirgeoir orgánach amháin a bhfuil an cháis seo fós á déanamh aige. Casfaidh siad le Thierry Graindorge, fear a mbíodh a mhuintir roimhe ag déanamh Livarot agus atá ag táirgeadh réimse leathan de cháiseanna na Normaine anois, Neufchatel ina measc.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    A Day in the life of a Bishop

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais agus í ag dul ó cheann ceann na tíre sa tóir ar scéalta agus ar imeachtaí. In Inis i gCo. an Chláir a bheidh Síle inniu le heolas a chur ar an saol mar a chaitheann an chléir é sa lá atá inniu ann. Caithfidh sí an lá in éineacht leis an easpag is óige in Éirinn, Fintan Monahan. Labhróidh Síle leis faoi thodhchaí na heaglaise chomh maith leis na pleananna atá aigesean. Rachaidh sí ansin go Co. Chiarraí áit a bhfuil líon na mbradán fiáin ag titim le roinnt blianta anuas.

  • 12:45PM
    Sean Nós (OS)

    Sean Nós (OS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Jimí Ó Ceannabháin

    Jimí Ó Ceannabháin as Ros Muc, buaiteoir Chorn Uí Riada 2011, a bheidh sa stiúideo le Síle ar an gclár seo. Labhróidh Jimí faoin saol a bhí aige i Meiriceá agus faoin gcéad chomórtas amhránaíochta a chuir sé isteach air.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Holy Night

    Tá sé ina stoirm san oirthuaisceart. Baintear siar as duine den fhoireann é nuair a thagann cuairteoir nach raibh aon súil leis ar cuairt.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 7

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 20

    Stríoca agus Locaí

    Tugann seanchara ón sorcas cuairt ar an mBéar.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 21

    Ticéad Cleasach Catboy

    Caithfidh Catboy roghnú idir beirt chairde ach níl sé in ann.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 47

    Leac Oighir Abú

    Bíonn an-spraoi ag an gCat Cliste agus a chairde ar an oighear go dtí go mbristear an cupán cócó is fearr leis an gCat Cliste.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 62

    Níl tú riamh ró-shean

    Tá Monty ag ceapadh go bhfuil sé ró-shean le bheith ag spraoi le bréagáin. An bhfuil a leithéid de rud ann is a bheith ró-shean le bheith ag spraoi?

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 63

    Ag Spraoi le Scamaill

    Tá na scamaill dhorcha ag milleadh pleananna na Kazoops agus níl siad sásta. Tá Monty ag iarraidh a thaispeáint dóibh gur iontach an rud iad scamaill!

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 20

    Dónall Dána agus An Dún

    Caithfidh Dónall bealach a fháil lena dhún a chosaint mar go bhfuil Mam ag iarraidh é a leagan agus garraí glasraí a chur ina áit.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 21

    Dónall Dána & an tUachtar Reoite

    Tá faitíos ar Dhónall go mbeidh deireadh go deo le huachtar reoite.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 50

    An Oíche Roimh Eitilt

    Caithfidh ár gcairde sa tsaotharlann bealach éigin a aimsiú sa chaoi is nach mbeidh eitleán nua Bob le feiceáil ag aon duine.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 51

    Cloigne Móra

    Greamaítear Susie agus Gráinne le chéile trí thimpiste.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Terrybear / Cairtín na Coirte

    Bíonn Technobear trína chéile nuair a fhaigheann sé amach gur Terrybear an t-ainm ceart atá air.

  • 5:00PM
    Aifric (OS)

    Aifric (OS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Bróna an Kling-on

    Bíonn Aifric in aiféala gur thug sí cuireadh do Bhróna togra scoile a dhéanamh in éineacht léi féin agus le Sophie.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 235

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Bear Claws

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo seinnfidh Leon an dordghiotár le hamhrán nuachumtha, 'Bogadh ar Aghaidh' agus casfar an t-amhrán 'Bear Claws' leis an mbanna ceoil as Éirinn The Academic.

  • 5:50PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    These Days

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Sa chlár seo inseoidh Saoirse dúinn faoin tsuim atá aici i réalteolaíocht agus roinnfidh a cuid tuairimí ar an tábhacht atá le taighde a dhéanamh ar an ábhar seo. Casfaidh Daragh agus Patrick amhrán nuachumtha "Fág É Ann" agus beidh Saoirse ar stáitse ag casadh "These days" le Rudimental.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 15

    Scene in a Mall

    Sraith ghrinn drámaíochta. Casann Rory le Dean ag an óstán agus faigheann sí léargas ar an saol a chaitheann sé anois. Socraíonn Lorelai agus Rory an lá a chaitheamh in éineacht ag siopadóireacht ach ní fada go dtéann cúrsaí as smacht nuair a chastar Emily orthu a théann ag ceannach fúithi agus thairsti! Admhaíonn Emily go bhfuil sí le sásamh a bheith aici ar Richard ó tharla gan aird ar bith aige uirthi le déanaí.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 235

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 235

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Joey ag Teach Solais

    Ar theach solais Fhánada a thabharfaidh Joey cuairt inniu. Buailfidh sé le Leanne agus taispeánfaidh sí dó a dteastóidh uathu - déshúiligh agus hata an chaptaein. Tabharfaidh Seán suas an staighre é chun an solas mór a fheiceáil. Bíonn lá an-suimiúil ag Joey.

  • 7:30PM
    Ón Mám go dtí na Major Leagues (OS & TS)

    Ón Mám go dtí na Major Leagues (OS & TS)Sraith 17, Eipeasóid 4

    Ón Mám go dtí na Major Leagues

    Clár faisnéise a thugann chun cuimhne na héachtaí daorchluiche a rinne ceathrar deartháireacha as Dúiche Sheoigheach in iarthar na Gaillimhe ag an leibhéal gairmiúil is airde sa spórt céad bliain ó shin. Léirigh siad a gcumas sa daorchluiche agus níorbh fhada go raibh siad ag imirt le cuid de na foirne ba cháiliúla ar fad. Ba é Steve, a rugadh i Meiriceá, an duine ab fhearr acu a chruthaigh sa spórt mar gur bhuaigh sé an chraobh is airde, Sraith an Domhain, ina imreoir agus ina dhiaidh sin ina bhainisteoir foirne. Seo scéal dheartháireacha Uí Néill as an Mám.

  • 8:00PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Arsène Wenger / Manuel Neuer / Bastian Schweinsteiger / Frank Lampard

    Arsène Wenger, bainisteoir peile a bhfuil ardmheas air, a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht chomh maith le beirt de na himreoirí ab fhearr riamh a bhí ar fhoireann na Gearmáine, Manuel Neuer agus Bastian Schweinsteiger, agus Frank Lampard, imreoir lár páirce mór le rá Shasana.

  • 8:30PM
    Port (OS)

    Port (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Baile Átha Cliath

    Sraith faisnéise ceoil sé chlár á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Fiosróidh siad an ceol agus an cultúr a bhaineann le cathracha agus ceantair faoi leith in Albain agus in Éirinn. Is i mBaile Átha Cliath a bheidh na mná anocht i dteannta an amhránaí Darren MacLean agus an phíobaire Carole-Anne MacKay agus buailfidh siad isteach chuig roinnt ionad mór le rá sa chathair.

  • 9:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 235

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:05PM
    An Western: The Man From Laramie (TS)

    An Western: The Man From Laramie (TS)

    (1955, Scannán Buachaillí Bó) James Stewart, Arthur Kennedy agus Donald Crisp na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Anthony Mann. Tarraingíonn strainséir an ceannaitheoir beithíoch áitiúil agus a mhac brúidiúil air féin nuair a thosaíonn sé ag obair don té atá i gcomórtas leis.

  • 11:00PM
    Tabú (OS & TS)

    Tabú (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Cinneadh Cannabais

    An t-éileamh atá ar channabas míochaine in Éirinn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Rachaidh Dáire Ní Chanáin ar thuras pearsanta lena fháil amach an bhfuil bunús ar bith leis an tuairim gur leigheas é cannabas ar go leor tinneas agus an féidir le CBD, cineál cannabais atá dleathach, cabhrú léi an ceann is fearr a fháil ar an ngalar dubhach agus ar imní.

  • 0:00AM
    Spillane An Fánaí (OS & TS)

    Spillane An Fánaí (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Ceanannas

    Rachaidh John Spillane ag obair i sé theach tábhairne i sé bhaile tuaithe éagsúla ar mhaithe le hábhar a bhailiú dá chuid amhrán. Is i dteach tábhairne The Westway i gCeanannas i gCo. na Mí a bheidh sé an tseachtain seo. Casfaidh an Kells Silver Band agus an teanór Ceilteach Matthew Gilsenan amhrán dó. Casfaidh sé le fear as an áit, Vincent Garvey a inseoidh dó faoi Chluichí ársa Thailteann. Taispeánfaidh Tiarnán De Hál na háiteanna ar an mbaile a bhfuil suim ag daoine iontu ó thaobh na staire; an Cloigtheach agus na Crosa Ceilteacha ina measc.

  • 0:30AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)

    Súil siar ar shraith 8 de Vampire Diaries. Cuirfear an chliar ar fad faoi agallamh. Labhróimid leis na léiritheoirí feidhmiúcháin, Julie Plec agus Kevin Williamson agus taispeánfar píosaí scannáin a taifeadadh ar chúl an cheamara agus píosaí speisialta eile a tharla le hocht mbliana anuas.

  • 1:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 235

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.